Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás David Davin-Power

Dáta: Déa 31st Dei, 2024 | 19:44

"Tá daoine ar fud na tíre faoi scamall an bhróin ó fuarthas scéala báis David Davin-Power. 

Agus é ina chraoltóir agus ina chumarsáidí cumasach, bhí David Davin-Power mar charachtar rialta i saol mhuintir na hÉireann agus é ar na haerthonnta nó ar an teilifís go mion minic. 

Tríd na blianta, chuir David scoth na hanailíse ar fáil ina chuid ról in RTÉ go háirithe agus ba ghlór iontaofa é cibé ag tuairisciú ar Thuaisceart Éireann nó ar ghnó an Oireachtais a bhí sé.

Aireofar go mór é sna meáin, san Oireachtas agus i measc an phobail, a raibh fios a ngnó acu de bharr a chuid oibre. 

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le Dearbhla, bean chéile David, lena pháistí, Nick, Julia, Caroline, Ben agus Emily, agus lena chomhghleacaithe ar fad in RTÉ agus níos faide i gcéin, agus lena theaghlach agus a chairde ar fad."