Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Chuck Feeney
Dáta: Mái 10th Dei, 2023 | 13:18
"Ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, seasamh leis na daoine sin go léir a thug ómós do chara mór le hÉirinn agus a muintir, Chuck Feeney, a fuair bás le gairid.
Tá an oiread sin atá bainte amach in oideachas tríú leibhéal na hÉireann faoi chomaoin ag a bhronntanais don iliomad institiúidí. Agus é tiomanta go neamhleithleach don iliomad cúiseanna tábhachtacha, bhí saothar Chuck Feeney bunaithe ar bhunphrionsabail an chuimsithe, na dlúthpháirtíochta agus na cothroime. Tá iarmhairt dhomhain agus bhuan fágtha aige ar shaol an iliomad daoine inár dtír, agus deiseanna dlúthpháirtíochta agus coinníollacha feabhsaithe ina measc.
Tríd an Atlantic Philanthropies Foundation chuidigh a bhronntanais don oideachas in Éirinn, go háirithe, páistí agus daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste a chumasú agus dá réir ról nuálach á imirt aige i múnlú Éireann níos cothroime agus níos córa an lae inniu.
Tá sé tábhachtach, freisin, go dtabharfaimis aitheantas d'ionchur Chuck Feeney san aistear fada i dtreo na síochána agus an athmhuintearais ar an oileán seo. Beidh muintir na hÉireann an-bhuíoch dá shaothar ciúin agus flaithiúil agus an próiseas á bhrú chun cinn aige, chomh maith le maoiniú a bheith á dhéanamh aige ar thionscadail thábhachtacha athmhuintearais agus athnuachana.
Bhí sé d'onóir agam Gradam an Uachtaráin um Sheirbhís den Chéad Scoth a bhronnadh ar Chuck Feeney in 2012 mar aitheantas ar a thiomantas éachtach d'earnáil an oideachais agus do réimse an taighde agus na sochaí sibhialtaí ar fud oileán na hÉireann.
Tugaim chun cuimhne go ceanúil, chomh maith, an uair a bhuail mé leis ar mo chéad turas chuig Cósta Thiar na Stát Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2015 nuair a thángamar le chéile ag Lárionad Cathartha Martin Luther King chun ómós a léiriú do na mic léinn Éireannacha sin a bhásaigh i dtragóid Berkeley.
Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean Helga, lena chlann agus lena mhuintir agus lena chiorcal leathan cairde agus comhghleacaithe."
