Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Christy Dignam

Dáta: Mái 13th Mei, 2023 | 17:28

"Le 40 bliain anuas, tá tionchar as cuimse imeartha ag Aslan ar shaol cultúrtha ár náisiúin. Chomh maithe lena n-albaim iomráiteacha agus lena n-amhráin cháiliúla ‘This Is’ agus ‘Crazy World’, cuimhneofar ar Aslan go háirithe as a gcuid seónna beo agus as an nasc eisceachtúil a bhí acu leis an lucht féachana. 

Bhí Christy lárnach sa nasc sin, agus cinntíodh ina chur i láthair paiseanta go mbeadh oíche speisialta in aon cheolchoirm Aslan – agus b’iomaí oíche a bhí ann, le Christy agus an banna ceoil ar camchuairt timpeall na tíre go síoraí seasta.  

Dá bharr, beidh a gcuimhne féin ag daoine i mbeagnach gach baile in Éirinn ar cheolchoirm Aslan, agus aireofaí an dlúthcheangal pearsanta sin le Christy. Go deimhin, cuimhním féin ar léiriú sainiúil Christy in Áras an Uachtaráin ar ais in 2016. 

Le blianta beaga anuas, chuaigh dínit Christy agus é ag troid in aghaidh a ghalair i gcion go mór orainn. Bhíomar ar fad faoi gheasa ag a dhúthracht leanúint leis an gceol agus leis an taifeadadh, mar a chonacthas i gcás a albaim aonair in 2021, in ainneoin na ndúshlán a bhí os a chomhair. 

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil sé imithe uainn.

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean chéile Christy, Kathryn, lena iníon Kiera, lena chomhghleacaithe in Aslan, agus lena ghrúpa mór gaolta agus cairde."