Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Brigid Hogan-O’Higgins
Dáta: Déa 3rd Sam, 2022 | 17:14
"Beidh brón ar dhaoine ar fud na Gaillimhe agus níos faide i gcéin a chloisteáil gur bhásaigh an t-iar-TD Brigid Hogan-O’Higgins.
Is comhartha é a bás ar chor cinniúnach stairiúil, maidir lena hionchur féin i bpolaitíocht na hÉireann agus le hionchur a teaghlaigh freisin, ba é a hathair Patrick Hogan a bhí mar an chéad Aire Talmhaíochta i Stát nua na hÉireann.
Níos tábhachtaí fós, cuimhneoidh muintir Ghaillimh Thoir go ceanúil ar Bhrigid, ceantar a raibh sí mar TD air, mar aon lena comhphobal cónaithe agus feirmeoireachta.
Bhí éacht stairiúil déanta ag Brigid agus ag a fear céile Michael J. O’Higgins, fear ar roinn mé ballraíocht leis i Seanad Éireann, mar an chéad lánúin pósta lena gcion tairbhe a dhéanamh i nDáil Éireann ag an am céanna.
Bhí Brigid agus Michael i gcónaí dea-mhúinte agus meas á léiriú acu ar thuairimí daoine eile, ag an am céanna chuir siad a gcuid smaointí i láthair ar bhealach macánta, machnamhach.
Déanaim comhbhrón ó chroí le gasúir Bhrigid, agus lena muintir agus lena cairde go léir."
