Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Billy Lawless

Dáta: hAo 8th Sam, 2024 | 19:03

"Is le dobrón a chuala mé faoi bhás an iar-Sheanadóra Billy Lawless, comharsa de mo chuid i nGaillimh. Ar mo shon féin agus thar ceann Saidhbhín, déanaim comhbhrón ó chroí le hAnne, bean chéile Billy, agus lena theaghlach ar fad ar a gcailliúint mhór.

Ag an am seo, cuimhnímid freisin ar thiomantas domhain Billy dá phobal i nGaillimh agus ina dhiaidh sin ina bhaile uchtaithe in Chicago, áit ar fhág sé oidhreacht bhuan. Ba dhuine den phobal Gaelach é Billy ansin, agus tugadh aitheantas forleathan dá iarrachtaí díograiseacha ar son na nÉireannach gan cháipéisí.

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe aitheantas ceart do ról Billy i gcothú an chaidrimh idir Gaillimh agus Chicago nuair a ceapadh ina Shaoránach de chuid na Gaillimhe é in 2015.

Cuimhním féin agus Saidhbhín ar an bhfáilte mhór chroíúil a chur Billy romhainn nuair a thugamar cuairt ar Chicago in 2014.

In 2021, bhí sé i measc na ndaoine ar bhronn mé Gradam um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin d’Éireannaigh thar lear orthu, gradam a bhí tuilte go maith aige.

Aireofar Billy Lawless go mór. Tá súil agam go mbeidh gean phobal na hÉireann in Chicago, ar fud na Stát Aontaithe agus i nGaillimh, ina údar dóchais dá theaghlach agus dá chairde ar fad ag an am dúshlánach seo. 

Ar dheis Dé go raibh a anam.”