Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on the Centenary of the 1918 Election

Dáta: hAo 14th Nol, 2018 | 13:19

Tá tábhacht bhunúsach i stair na hÉireann ag baint le toghchán an 14 Nollaig 1918. Léirigh an toghchán sin a cuireadh ar bun ar oileán na hÉireann na claonta polaitiúla go léir ag an am. Ina measc siúd a bhí páirteach bhí siad sin a bhí  rannpháirteach sa pholaitíocht pharlaiminte taobh amuigh d’Éirinn, iad sin ar theastaigh parlaimint ar oileán na hÉireann uathu, iad sin a chreid sa Rialtas Dúchais, iad sin ar theastaigh neamhspleáchas iomlán uathu, agus go deimhin iad sin a bhí ag cuimhneamh ar streachailtí a tharla i gceád roimhe sin maidir le talamh agus le tubaiste an ghorta agus an imirce a tharla dá bharr.  

Má bhí prionsabal aontaithe i measc na bunáite is dóigh gurbh é an diúltú comhroinnte don choinscríobh i measc na gceardchumannach, na náisiúnaithe agus na gceannairí reiligiúnda.

Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an toghchán do ghluaiseacht na sufraigéidí. Bhí cead vótála bainte amach ag mná os cionn 30 bliain d’aois a raibh cáilíocht maidir le réadmhaoin acu.  Bhí cead votála ag fireannaigh os cionn 21 bliain gan aon cháilíocht riachtanach dóibh. Ba é an toradh air sin go raibh beagnach méadú faoi thrí ar líon na ndaoine le cead vótála acu.  

Léirigh torthaí an toghcháin féin an t-athrú amháin ba mhó in ionadaíocht pharlaiminte. Thuar sé na deighiltí a mhéadódh ar an oileán.   

Ar feadh achair ama ghairid, chuir na héilimh ar chearta an lucht oibre, ar chearta na mban, agus ar phoblacht neamhspleách ar leith d’Éirinn, deireadh leis na fórsaí bunaithe agus le struchtúir an ama chaite.  Scaipeadh síolta sochaí a bhí níos cuimsithí – síolta ar thóg sé roinnt mhaith glúnta orthu péacadh, faraor.  

Ba é ghné chumhach thoghchán 1918 gur theip ar mheas a thabhairt dá údarás agus dá bharr sin gur tharla Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha tragóideach.   

Chomh maith leis sin, bhí an toghchán ar siúl i scáth uafásach chogaidh dhomhanda inar maraíodh glúin óg agus inar fágadh lorg trom ar a dteaghlaigh.  

Inniu, is cuí agus is tráthúil go ndéanfaimis machnamh ar an gcor cinniúnach sin i stair na hÉireann agus go ndéanfaí é a cheiliúradh, mar aon leis na comhghuaillíochtaí as an ngnáth a léirigh a ghealladh agus na daoine sin a thapaigh an deis agus a chuir a ndóchas sa daonlathas.