Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoin ionsaí san Iaráin
Dáta: Déa 8 Mei, 2017 | 10:52
Tá teachtaireacht curtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chuig Uachtarán na hIaráine, A Shoilse Hassan Rouhani, agus comhbhrón á chur in iúl aige maidir leo siúd a fuair bás sna hionsaithe ar Pharlaimint na hIaráine le gairid.
Is ceart go ndéanfadh gach aon duine, a chreideann i ndioscúrsa poiblí agus i gceart na parlaiminte saol na saoránach a fheabhsú trí bhealaí síochánta agus daonlathacha agus ní tríd an bhforéigean, ionsaí ar pharlaimint a cháineadh go neamhbhalbh.
