Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir leis na sáite a tharla i lár chathair Bhaile Átha Cliath
Dáta: Déa 23rd Sam, 2023 | 21:35
"Is trua linn go léir cás gach duine de na páistí a bhí bainteach san ionsaí uafásach a tharla inniu taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire i lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus cás a dteaghlaigh freisin.
Táimid ag smaoineamh go háirithe ar an gcailín 5 bliana d'aois agus ar an mball foirne a bhí ag tabhairt aire di a bhfuil drochbhail orthu san ospidéal. Táimid go léir ag guí ar son gach duine díobh, go dtiocfaidh siad go léir slán óna gcuid gortuithe.
Tá lán ár dtacaíocht tuillte ag na Gardaí agus iad ag déileáil leis an eachtra seo. Is faoi chúram na nGardaí atá an eachtra uafásach seo agus is náireach an rud é go mbainfeadh grúpaí a bhfuil seifteanna dá gcuid féin acu lena n-ionsaítear prionsabal na lánpháirtíochta sóisialta agus ba cheart gach aon duine a chreideann sa smacht reachta agus sa daonlathas é a cháineadh."
