Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón UachtaránD. Ó hUigínn maidir leis an staid reatha in Gaza

Dáta: Céa 28th Bea, 2025 | 19:25

Ráiteas ón UachtaránD. Ó hUigínn maidir leis an staid reatha in Gaza

an 28 Bealtaine 2025

Ag labhairt dó i ndiaidh searmanas bronnta duaiseanna ag Comhdháil de chuid Chumann Oideachais Forbartha na hÉireann (IDEA) in Óstán Grand i Mullach Íde, mar ar bronnadh an chéad Ghradam Global Voice for Humanity air, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn:

"Agus gorta ar tí a bheith ann in Gaza, ní mór don phobal idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh láithreach agus an córas dáileacháin cabhrach a chur ar bun arís láithreach."

Cuirim fáilte roimh an rún a comhaontaíodh i nDáil Éireann inniu, lenar tugadh sainordú don Rialtas a éileamh go mbeidh Seisiún Speisialta Éigeandála de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ann mar a iarrfadh Éire bearta comhchoiteanna láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an staid uafásach in Gaza. 

Mhol mé an cur chuige sin roimhe seo, lena n-áirítear san eochairóráid  a uaim ag Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2025 níos luaithe an mhí seo. 

Tá uair na cinniúna buailte linn. Tá rabhadh tugtha ag  Philippe Lazzarini, Ard-Choimisinéir UNRWA, Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear, go bhfuil 'gorta ag druidim  linn' agus gur ‘cur amú acmhainní agus an tsúil á tharraingt ó na huafáis’ atá sa mhúnla nua dáileacháin cabhrach in Gaza agus córas  dáileacháin cabhrach  ann cheana féin atá oiriúnach don chuspóir. 

Tá Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir Faoisimh Éigeandála, Tom Fletcher, tar éis áiteamh freisin ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe bearta nithiúla a ghlacadh chun seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus sibhialtaigh a chosaint, agus d'éiligh sé go mbeadh rochtain dhaonnúil gan bhac agus meas ar phearsanra agus ar áiseanna na Náisiún Aontaithe ann, agus go scaoilfí láithreach na gialla go léir gan choinníoll.

Níor cheart d' aon bhall den phobal idirnáisiúnta a shúile a dhúnadh ar an scéal. Ní féidir moill a chur ar an ngá atá le huisce glan, cógais agus bia a sholáthar. mar gheall ar easaontais i measc polaitieoirí faoi na próisis reachtacha a d’fhéadfadh a bheith fadálach, rud a chiallódh gur rómhall a thiocfaidh an chabhair do chuid mhór den phobal. Ní mór do sheachadtaí cabhrach dul isteach in Gaza anois agus ar scála mór. Sin a bhfuil ag teastáil i bhfhíor-fhreagairt dhaonnúil.

Tá Éire chun tosaigh, agus an ceart aici, maidir le héileamh a dhéanamh go nglacfaí bearta láithreach chun tacú le muintir Ghaza atá ag fáil bháis leis an ocras, ach ní mór dúinn seasamh ar fhreagairt.

Tá oibleagáid mhorálta ar gach tír, agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, sampla na hÉireann a leanúint agus a dtionchar siúd a úsáid chun na bearta sin a chur i gcrích.”