Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn chun Lá Chearta an Duine a chomóradh

Dáta: Mái 10th Nol, 2019 | 13:02

“Inniu, Lá Chearta an Duine atá ainmnithe ag na NA, iarrtar orainn aird a tharraingt ar lárnacht chearta an duine sna hiarrachtaí uile chun domhan níos fearr a chruthú do chách. 

I mbliana, thit Lá Chearta an Duine le linn chomhdháil thábhachtach na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide, rud a chuir i gcuimhne dúinn an ríthábhacht atá le beart a dhéanamh chun teorainn a chur le hathruithe aeráide do-aisiompaithe, agus chomh maith leis sin thit sé ar chothrom an lae a bunaíodh an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh de chuid na NA 30 bliain ó shin, comhaontú idirnáisiúnta a raibh ról an-tábhachtach aige i bhfeabhsú saol páistí ar fud an domhain.  

I gcomhthéacs ina bhfuil glórtha na ndaoine sin a shéanann uilíocht chearta an duine agus iad siúd nach mbíonn náire ar bith orthu leas a bhaint as faitíos agus leochaileacht chun cearta na mionlach sa tsochaí a shéanadh ag fás, tá ár dtacaíocht shoiléir do chreat idirnáisiúnta aontaithe chearta an duine ag teastáil níos mó ná riamh.  

Inniu, spreagaimis a chéile chun tábhacht chearta iomlána an duine a chur in iúl go neamhbhalbh, do gach uile dhuine i réimsí polaitíochta, sóisialta, comhshaoil agus i ngach réimse dár saol roinnte.

Agus tugaimis i gcuimhne dúinn féin, más mian linn tairbhe a bhaint as ár gcearta - ceart timpeallacht fholláin a bheith againn, rannpháirtíocht i ndéanamh cinntí, saoirse tuairimí agus labhartha, a bheith slán ón bhforéigean sa bhaile, ceart saoirse reiligiúin, nó ceart ar bith eile atá sa Dearbhú Uilechoiteann  - ní mór dúinn a chinntiú go ndéantar dínit nádúrtha agus dhoshannta gach duine sa chine daonna a shlánú agus a fhíorú.”