Ráiteas ón Uachtarán Higgins ar ocáid Lá Domhanda na nDídeanaithe 2024
Dáta: Déa 20th Mei, 2024 | 16:42
“Tá Lá Domhanda na nDídeanaithe ar cheann de na dátaí is tábhachtaí san fhéilire, lá machnaimh ní hamháin ar na dúshláin atá roimh an oiread sin daoine ar fud ár bplainéad comhroinnte, ach freisin ar fhíore ár dtiomantas maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna sin is cúis le daoine a bheith ag lorg dídine.
An dtig liom a mholadh go n-úsáidfimid Lá Domhanda na nDídeanaithe 2024 mar dheis chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi go gcothaítear na fadhbanna sin nuair nach mbíonn daoine sásta tuiscint a fháil ar fhoinsí uile na himirce, agus ar an gcaoi go bhfuil baol suntasach ann nuair nach bhfuiltear ag iarraidh tuiscint a fháil agus a chur chun cinn sa phlé ar na nithe is cúis leis an imirce éigeantach.
Ach is pointe tosaigh ríthábhachtach é sin – pé acu triomach, tuilte, coinbhleacht, sceimhlitheoireacht, ocras nó díláithriú atá i gceist.
Ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil an Eoraip ag dul i ngleic leis an imirce ar bhealach dearfach – an bhfuil Ballstáit an Aontais Eorpaigh tar éis tiontú ar dhaonra na hAfraice, Mheiriceá Theas agus na hÁise sa lá atá inniu ann agus an scrios a rinneadh le gníomhaíochtaí na gcoilíneach sna céadta roimhe seo agus an iliomad iarmhairtí a bhain leo a admháil, an athrú aeráide san áireamh?
Nuair a thugann lucht déanta beartas aitheantas don mhéid a tharla san am atá thart, is féidir an bealach a réiteach do ghníomhaíocht eolasach nuálaíoch san am i láthair agus amach anseo.
Cá bhfuil an rannpháirtíocht, ní mór dúinn a iarraidh, le staidéar agus féachaint le foinsí éagsúla saincheisteanna a thuiscint mar choimhlint, athrú aeráide, ocras, bochtaineacht, deacracht teaghlaigh agus mianta do shaol na slándála, saoirse ón ocras, bochtaineacht agus comhlíonadh an duine cumas saoil?
Is saincheisteanna iad seo nach mór a bheith sa dioscúrsa agus tús áite tugtha dóibh ar an gclár oibre.
Tá an imirce neadaithe in aigne mhuintir na hÉireann, tá a fhios againn gur speiceas imirceach é an duine agus ní mór dúinn a thuiscint conas a fhreagraíonn sé d’athruithe aeráide, slándála nó eacnamaíochta.
Is cúis mhór imní é an méadú atá tagtha ar imeallú an ‘duine eile’ ar fud na hEorpa, ach is féidir an scéal a chur ina cheart. Ní mór dúinn go léir oibriú lena chinntiú go mbaintear amach dioscúrsa nua, dioscúrsa ina bhfuil faisnéis chruinn, lena n-áirítear fíricí dearfacha amhail na fíricí sin a thaispeánann conas a chuireann imircigh, nuair a cheadaítear sin, ar bhealach fíor-dearfach le geilleagar tíre. Ní mór dúinn dul i ngleic leo siúd a dhéanann cur síos diúltach i gcónaí ar ghníomhaíocht imirceach ar phláinéid imirceach mar “fhadhb na himirce”.
Tá luachanna amhail an dlúthpháirtíocht, an oscailteacht, an cineáltas agus an chomhbhá i gcroílár a bhfuil ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuath agus ar mhothúchán frith-imirceach ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.
Molaim nach mór dúinn dearmad a dhéanamh riamh ar na féidearthachtaí atá fós ann dúinn agus muid ar thóir coinníollacha síochána comhroinnte; conas a d’fhéadfaí ár saol a shaoradh agus a chomhlíonadh gan cogadh, gorta, ocras agus saint i ndomhan comhroinnte, cóir a sheachnaíonn idéalacha nimhiúla an impiriúlachais, an chiníochais agus an ‘t-Eilearánú’ agus a chuimsíonn mian réasúnta an duine; an chaoi gur féidir linn, trí chomhiarrachtaí, sochaí chuimsithe a thógáil sa bhaile, agus oibriú i gcomhar le náisiúin eile chun domhan síochánta, inbhuanaithe, dóchasach a thógáil.
Sa saol ina maireann muid, ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitheann muid lena chéile, an dóigh a labhraímid lena chéile, an dóigh a n-éisteann muid, nó nach n-éistimid, an chaoi go mbíonn an lámh in uachtar ag toimhdí, go minic gan mórán ceistithe, an chaoi go mbíonn glacadh le braistintí mar gheall ar ceisteanna bunúsacha amhail cogadh agus síocháin agus go ndéantar talamh slán díobh.
Tá sé fíor-thábhachtach go gcuirfeadh pobail braistint dlúthpháirtíochta, cuimsitheachta agus comhtháthaithe chun cinn i measc a gcuid ball chun claochlú, athshamhlú, athchóiriú agus athnuachan a dhéanamh, ag aithint cad is gá a bhaint amach, agus ag tabhairt aghaidh ar chonstaicí ar an gcomhionannas agus ag tabhairt aghaidh orthu.
Tá muintir i gceantair timpeall na tíre feicthe agam agus a gcroíthe oscailte acu dóibh siúd a thagann chun na tíre seo ag lorg tearmainn. Níl áireamh ar na samplaí de ghean agus de chomhbhá atá feicthe agam agus baill den phobal ag teacht le chéile chun airgead a thiomsú, chun aire a thabhairt do na daoine is leochailí, dá saoránaigh níos sine, dá bpobal breoite, agus chun stocaireacht a dhéanamh ar son áiseanna a bhfuil géarghá leo dá bpáistí, nó dá mbaill imeallaithe. .
I gcroílár na gníomhaíochta seo tá aitheantas ar an tábhacht ríthábhachtach a bhaineann leis an spás poiblí, leis an saol poiblí, agus le feasacht saoránach a thugann leis ní amháin braistint muintearas, ach mothú freagrachta dóibh siúd a bhfuilimid i bpáirt leo.
Mar bhaill den phobal domhanda sin, go dtuga gach duine againn orainn féin ár ról a imirt, i gcomhar agus i bpáirt lena chéile, lenár láidreachtaí agus leochaileachtaí comhroinnte, lena chinntiú go mbeidh cónaí ag na glúine atá le teacht i sochaí níos córa agus níos cothroime.”