Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ar Lá Domhanda na dTeifeach

Dáta: Mái 20th Mei, 2023 | 09:00

"Mar a iarann na Náisiúin Aontaithe orainn, tá sé tábhachtach dúinn go smaoineodh muid ar an gcruachás dochreidte in bhfuil an oiread sin imirceach agus daoine díláithrithe ag an am seo ar Lá Domhanda na dTeifeach.

Chuir an tragóid uafásach amach ó chósta na Gréige i gcuimhne dúinn na guaiseacha uafásacha a bhíonn roimh imircigh agus an phráinn atá le gníomhartha a ghlacadh chun beatha an oiread sin daoine a chosaint.

Tá iarrtha ag Ard-Rúnaí na Náisiúnta, Antonio Guterres, ar Bhallstáit, agus go deimhin orthu siúd go léir a bhfuil baint acu leis, ní hamháin na cúinsí dorcha ina bhfuilimid a admháil, ach ionchur praiticiúil agus teagmháil a dhéanamh chun réiteach a fháil, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa mheántéarma go dtí an fadtéarma chomh maith. 

Agus freagra á thabhairt don Ard-Rúnaí Guterres, is sa spiorad sin a mholaim roinnt moltaí mar ionchur sa dioscúrsa práinneach nach féidir neamhaird a dhéanaim de níos faide de bharr an oiread sin daoine a bheith ag fáil bháis

Mar atá luaite sna tuairiscí sa tseachtain is déanaí, deirtear gur bhásaigh thart ar 51,000 duine agus iarracht á déanamh acu an Eoraip a bhaint amach ó 1993 i leith, agus níos mó ná 27,000 duine tar éis bháis nó ar iarraidh sa Mheánmhuir ó 2014 ar aghaidh.  Ni mór dúinn, freisin, smaoineamh ar obair na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, a bhfuil sé measta acu go bhfaigheann beirt bás sa Sahára agus iad ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach i gcomhair duine amháin a fhaigheann bás sa Mheánmhuir.

Tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar fhocail an Choimisinéara Eorpaigh um Chearta an Duine, Dunja Mijatović, ar chuir mé fáilte roimhe in Áras an Uachtaráin in 2019 agus arís mi Dheireadh Fómhair seo caite, agus é ag labhairt roimh Lá Domhanda na dTeifeach na bliana seo, a dúirt ‘I am struck by the alarming level of tolerance to serious human rights violations against refugees, asylum seekers and migrants that has developed across Europe’.

Táimid uile faoi chomaoin ag iriseoirí cróga, leithéidí Sally Hayden, atá ag fanacht leis an gceist seo agus a chuireann i gcuimhne dúinn go leanúnach nár mhór dúinn freagra a thabhairt.

Tá sé tábhachtach go dtarraingeoimis ón taithí eimpíreach agus ón taighde atá déanta acu siúd atá tar éis a bheith i mbun oibre agus taighde sonrach á dhéanamh acu i measc na n-imirceach.

Táim cinnte de gur cheart tuilleadh smaoinimh a dhéanamh ar mholadh a ndearnadh smaoineamh go hachomair air nuair a ghluais teifigh Siriacha isteach sa Tuirc agus sa Ghearmáin, 'sé sin go gcruthófaí banna chun dóthain maoinithe a eisiúint i gcomhair córas trédhearcach freagrach a shásaíonn riachtanais Chairt na Náisiún Aontaithe.

Céard a thugann an taighde le fios dúinn?  Deir sé gur dóichí go ngluaiseann imircigh go dtí an pointe is gaire don tír in aice láimhe dóibh ar dtús agus go bhfuil sé mar ardaidhm acu fós filleadh ar a dtír féin taobh istigh de thrí bliana ar a laghad. Tá an fiúntas a bhaineann le tithíocht, sláinte, oideachas agus measúnú scile cuí a chur ar fáil d'imircigh léirithe cheana.

Taispeántar sa taighde, murar féidir leo filleadh ar a mbaile sa tríú bliain agus go dtuigeann siad nach rogha inmharthana atá san fhilleadh ar a mbaile mar a cheap siad, go roghnaíonn imircigh tír cheann scríbe, ceann inar dócha go mbíonn teagmhálacha muintire acu.  

Sa chéad chéim d'imirce na Siriach chuig an nGearmáin, a raibh an mheánaicme Shiriach go láidir ina measc, gur bhunaigh siad iad féin ina gcuid den gheilleagar taobh istigh de dhá nó tri bliana. Is é an cás ginearálta, agus féidearthachtaí ag na himircigh, gur sháraigh a n-ionchur ag an bpointe ceann scríbe an caiteachas taobh istigh de cheithre bliana ar a mhéad.

I bhfianaise an ráta díláithrithe, is féidir linn, mar shampla, iarmhairtí an athraithe aeráide, na coimhlinte agus an bhunúsaíochais a thuar agus tá sé fóirsteanach cuimhneamh ar fhreagairt dhomhanda ar fhadhb dhomhanda anois.

I bhfianaise an staid reatha maidir le cistí infheistíochta comhluathacha, is féidir - i samhail chruthaitheach a thug le chéile an CAI, an Banc Domhanda agus bainc fhorbartha éagsúla - ciste a bhunú a d'fhéadfadh tacar struchtúr a chur ar fáil in áiteanna a mbeadh suim ag imircí iontu agus na torthaí eimpíreacha á gcur san áireamh.   

'Sé an moladh is ciallmhaire ar féidir liom smaoineamh air chun cur in aghaidh gáinneáil mhídhleathach, agus 'sé an buntáiste a bhaineann leis gur córas bainistithe trédhearcach atá ann agus léiríonn na comharthaí uile gur féidir brabús a dhéanamh as bannaí dá leithéid taobh istigh de 5 bliana, agus cinnte taobh istigh de 10 mbliana. 

Nuair a mhaolóidh an ghéarchéim, beidh tacar struchtúr ar mhór-chríocha éagsúla a chuirfidh deiseanna ar fáil i gcomhair atraenála, oiriúnaithe ar an athrú aeráide agus ar an leighis agus i gcomhair comhdhálacha idirnáisiúnta ar an ath-oiriúnaithe, ar fhéidearthachtaí athfhillte agus tnúth leo, i bhfad roimh ré maidir le bealach isteach i gcultúir éagsúla.  

Déanaim an moladh seo le humhlaíocht mar fhreagra ar iarratas an Ard-Rúnaí Guterres, gurb é seo an t-am dúinn go léir lenár seacht ndícheall a dhéanamh. Ni féidir linn leanúint leis na cúinsí ina bhfuilimid."