Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar vótáil ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe
Dáta: Déa 5th Mei, 2025 | 09:47
"I ndiaidh vóta an lae inné ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, áit ar vótáil 14 as na 15 chomhalta i bhfabhar sos cogaidh láithreach, coinníollach agus buan i nGaza, tá sé tábhachtach go leanfaidh an pobal idirnáisiúnta ag oibriú, lena n-áirítear faoin Deichiú Seisiún Éigeandála den Chomhthionól Ginearálta mar chuid den tionscnamh Aontú ar son na Síochána agus trí mhodhanna eile, chun deireadh a chur leis an bhforéigean, na gialla go léir atá fágtha a scaoileadh saor agus go gceadófar dóthain cúnaimh isteach i nGaza.
Tá an t-am tagtha le gníomh agus cúnamh láithreach a ghairm ón bpobal idirnáisiúnta chun a chinntiú nach gcaillfear a thuilleadh beatha, agus daoine fágtha in am an ghátair le rogha le déanamh idir a saol a chur i mbaol chun rochtain a fháil ar chúnamh, nó bás a fháil den ocras."