Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn tar éis breithiúnais ‘Marú Neamhdhleathach’ ag Coiste Ionchoisne an Stardust

Dáta: Déa 18th Aib, 2024 | 16:42

"Lá cinniúnach a bhí ann inniu do lucht muinteartha an 48 duine a cailleadh i dtaisme an Stardust maidin an 14 Feabhra 1981. Tugadh an breithiúnas ‘Marú Neamhdhleathach’ i gCúirt Chróinéara Cheantar Bhaile Átha Cliath i gcás na n-íospartach ar fad a bhásaigh an lá millteanach úd. 

Anuas ar a dtrioblóid phearsanta, bhí ar ghaolta na marbh ualach ollmhór eile a iompar i bhfoirm ceisteanna a fágadh gan fhreagra.

Le breithiúnas an lae inniu, tar éis 43 bliain fhada, fíoraíodh an gealltanas a rinne daoine muinteartha, cairde, comharsana agus comhphobal na marbh leis na híospartaigh. 48 duine óg a bhásaigh an oíche úd, iad ar fad idir 16 agus 27 bliain d’aois, iad amuigh ag ceiliúradh oíche spraíúil i dteannta a gcairde. 

Caithfear cuimhneamh nach dtarlódh na hIonchoisní seo gan buanseasmhacht agus diongbháilteacht a dteaghlach. Níor ghéill siad riamh agus anois faoi dheireadh, tá an dínit agus an t-aitheantas ceart ag dul don 48 duine óg sin. 

Le linn na nIonchoisní ar fad, chuireamar aithne ar na híospartaigh tríd na cuimhní agus na portráidí grámhara, spleodracha a roinn na teaghlaigh éagsúla linn. 

Soiléirítear le toradh an lae inniu, faoi dheireadh, na cúinsí a bhain lena mbás: cúis an dóiteáin, na gnéithe éagsúla a raibh baint acu i scaipeadh na tine, na constaicí a chuir srian ar chumas éalaithe na marbh. Is é sin an marú mídhleathach. Toradh is ea seo a tháinig, arís, mar thoradh ar obair feachtasaíochta mhuintir na marbh i ndilchuimhne orthu.

Tuigim go maith go mbeidh croíthe troma ag daoine muinteartha na marbh ar chloisteáil an scéala seo dóibh. Cé go raibh an ceart dlí á chur i bhfeidhm inniu, is lá é atá lán le brón agus aiféala chomh maith. Smaoiním go sonrach orthu siúd a cailleadh sular thángthas ar an mbreithiúnas seo agus nach raibh ann leis an toradh seo a fheiceáil dá bharr. 

Ba mhaith liom chomh maith mo bhuíochas a ghabháil le giúiré na nIonchoisní, a chaith bliain iomlán i mbun ollfhreagracht na saoránachta – is é sin soiléiriú fíricí agus cothrom na féinne a chinntiú.

Ar an lá stairiúil seo, mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhghairdeachas leis na teaghlaigh ar fad ar thoradh cinniúnach, tar éis dóibh blianta fada a chaitheamh, i ndilchuimhne ar a muintir, ag obair go dúthrachtach ar son an chirt."