Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis na tragóide in Gujarat, san India
Dáta: Lua 31st Dei, 2022 | 12:44
“Beidh brón ar dhaoine fud fad na cruinne a chloisteáil faoin tragóid uafásach tar éis titim droichid thar Abhainn Machchu i gcathair Morbi in Gujarat, san India.
Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir na ndaoine ar fad a cailleadh.
Táim ag cuimhneamh freisin ar na seirbhísí éigeandála a d’fhreastail ar an tubaiste uafásach seo agus guím biseach iomlán, sciobtha orthu siúd a gortaíodh dá bharr."
