Ráiteas ón Uachtarán Higgins tar éis do Cholum Eastwood éirí as mar cheannaire ar Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oi
Dáta: Déa 29th Lún, 2024 | 23:51
"Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom gach rath a ghuí ar an Uasal Colum Eastwood, Ceannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, tar éis dó a fhógairt go bhfuil sé ag éirí as a ról mar cheannaire.
Is mór an méid atá déanta ag Colum Eastwood ar son na seirbhíse poiblí. Ba léir an tiomantas láidir a bhí aige óna chuid ceannaireachta le naoi mbliana anuas, mar aon lena sheirbhís thiomanta don phobal ag gach leibhéal, ag cur san áireamh a sheirbhís mar ionadaí áitiúil agus mar Mhéara Chathair Dhoire, mar CTR ag Tionól Thuaisceart Éireann, agus ina dhiaidh sin mar Fheisire Parlaiminte don Fheabhal.
Ba shuntasach an cuidiú é ar son na polaitíochta agus ar son fhorbairt na síochána agus an athmhuintearais, Thuaidh agus Theas.
Guím togha na sláinte agus gach rath eile ar an Uasal Eastwood sa chéad thréimhse eile dá shaol."