Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn i ndiaidh Chuairt Oifigiúil Uachtarán Chónaidhm na hEilvéise, a Soilse. Karin Keller-Sutter
Dáta: hAo 30th Bea, 2025 | 12:42
Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte inné roimh Uachtarán Chónaidhm na hEilvéise, a Soilse. Karin Keller-Sutter, ar chuairt Oifigiúil di go hÉirinn.
Bhí cruinniú ag an Uachtarán Higgins leis an Uachtarán Keller-Sutter ar maidin in Áras an Uachtaráin, áit ar thapaigh sé an deis a chomhbhrón a chur in iúl thar ceann mhuintir na hÉireann dóibh siúd go léir a buaileadh les an tragóid le déanaí i sráidbhaile Blatten mar a thit oighearshruth anuas.
D’aithin an tUachtarán an tionchar ollmhór a bhí ag an eachta seo ar phobal beag, ach d’aithin sé gur ghníomhaigh na seirbhísí go han-tapa agus gur aslonnaíodh na daoine a bhí i mbaol, rud a laghdaigh an bhagairt ar bheatha. Mar sin féin, tá an pobal beag buailte go dona agus phléigh an bheirt Uachtarán na pleananna atá ag Cónaidhm na hEilvéise.
Phléigh an bheirt Uachtarán ansin an t-ábhar imní atá ag Éirinn agus an Eilvéis faoi daoine ag fáil bháis ar bhonn leanúnach in Gaza. Thugadar dá n-aire na hábhair imní a bhí ag an Eilvéis agus ag Éirinn i bpáirt agus an ról speisialta atá ag tíortha ar nós na hÉireann agus na hEilvéise mar thíortha a thacaigh riamh anall leis an taidhleoireacht agus leis an urraim ar choinbhinsiúin agus ar rialacha an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear rochtain dhaonnúil. Bhí siad ar aon intinn nach raibh glacadh le bac a chur ar bhunriachtanais– uisce, cógais agus bia – ná constaicí a chur roimh a ndáileadh, ná le lagú institiúidí na Náisiún Aontaithe.
Tráthnóna inné, d’fhreastail an bheirt Uachtarán ar cheann de na malartuithe cultúrtha is tábhachtaí idir an leabharlann cháiliúil Stiftsbibliothek St Gallen agus Ard-Mhúsaem na hÉireann, toradh ar sár-chomhoibriú a mhair 7 mbliana idir ár n-institiúidí cultúrtha. Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair chun éisteacht leis an Uachtarán Keller-Sutter ag labhairt di mar aoi speisialta agus le coimeádaithe agus foireann an dá mhúsaem.
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go dtugtar le chéile sa taispeántas ‘Friotail thar Farraige: Éire agus St. Gallen san Eoraip sa Luath-Mheánaois' na lámhscríbhinní agus na réada is fearr a aimsíodh le linn tochailtí in Éirinn agus in áiteanna eile.