Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis cruinniú le hArd-Stiúrthóir EHS, an Dr Tedros Ghebreyesus
Dáta: Lua 18th Nol, 2023 | 16:42
Bhuail Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, inniu le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), an Dr Tedros Ghebreyesus, ag Áras an Uachtaráin. I láthair freisin, bhí Stiúrthóir Feidhmiúcháin EDS um Éigeandálaí an Dr Mike Ryan agus Oifigeach Teicniúil EDS an Dr Cindi Lewis.
I ráiteas tar éis an chruinnithe, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn:
“Bheadh sé deacair rómheastachán a dhéanamh ar thábhacht an méid a chuireann an Dr Tedros Ghebreyesus agus a fhoireann leis an gcine daonna, agus an chaoi a bhfuil sé ag tabhairt dóchais dúinn go léir sna hamanna is uafásaí maidir le cailleadh beatha sibhialtach. Tá ár dtacaíocht gan choinníoll tuillte ag an obair sin.
Ag ár gcruinniú inniu, roinn an Dr Ghebreyesus agus an Dr Ryan liom an staid uafásach ar an talamh in Gaza agus an gá ríthábhachtach atá le soláthairtí leighis méadaithe go mór a chur ar fáil dóibh siúd atá ag fulaingt.
Gach lá a leanann ar aghaidh gan sos comhraic, is aontú é le bás sibhialtach, ar leanaí iad cuid mhór díobh. Cloisimid freisin faoi mháithreacha ag breith sna cásanna is dodhéanta. Tá sé ríthábhachtach don domhan aird a thabhairt ar Gaza agus gan neamhaird a dhéanamh ar an méid atá ag tarlú ann.
Sa chomhthéacs seo, thugamar faoi deara ag ár gcruinniú an ról tábhachtach atá á imirt ag an Taoiseach agus ag Rialtas na hÉireann in oibriú chun deireadh láithreach a chur leis an gcailliúint saoil seo.
Phléamar freisin an cás maidir leis an iomarca suíomhanna leochaileacha, buailte ag coinbhleachtaí agus soghonta (SLCs) ar fud an domhain atá ag tabhairt aghaidh ar chóineasú an oiread rioscaí agus bagairtí idirghaolmhara, gach ceann acu géaraithe ag athrú aeráide, ocras, imirce éigeantais, galair agus díláithriú.
In an iomarca áiteanna ar fud an domhain, mar a tharraing an Dr Ryan aird air, táimid ag feiceáil ní hamháin prionsabail seanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta á dtréigean, ach á suaitheadh go gníomhach, lena n-áirítear úsáid foréigean inscnebhunaithe agus gnéasach. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na hinstitiúidí iltaobhacha idirnáisiúnta beart chun dul i ngleic leis an treocht scanrúil seo.
Phléamar an díospóireacht a bhaineann le Comhaontú Paindéimeach atá bunaithe ar iltaobhach agus an gá atá le hoscailteacht maidir le hathrú. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go n-oibríonn ár n-institiúidí iltaobhacha chun foghlaim ó cheachtanna na paindéime COVID-19, agus a chinntiú nach bhfuil aon bhac ann dóibh siúd is mó i ngátar le rochtain ar theicneolaíocht leighis agus cúram sláinte riachtanach.
Tá sé an-tábhachtach, mar sin, go mbeadh gach duine againn páirteach sa díospóireacht ar na bunphrionsabail a theastaíonn chun déileáil le paindéimí amach anseo, lena n-áirítear i bplé ar dhréacht-chonradh ar ullmhacht paindéime, amhail an ceann atá á mholadh ag an EDS.”
