Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis cruinnithe leis an Seanadóir Bernie Sanders
Dáta: Lua 26th Bea, 2025 | 18:06
"Is ráitis mheáite phrionsabail a bhfuil an-tábhacht ag baint leo iad na ráitis a rinne Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, a bunaíodh i 1949 agus a bhfuil 46 tír ina gcomhalta di, agus a raibh Éire ar cheann de na comhaltaí bunaidh di.
Smaoinítear ar an ranníocaíocht uathúil ag deireadh na tréimhse déine a lean fadhbanna eacnamaíocha 2008 ón Ard-Rúnaí ag an am, Thorbjørn Jagland. Rinne sé scrúdú ar an tionchar difriúil a bhí ag na bearta déine ar chodanna éagsúla den phobal Eorpach.
Ba cheart go mbeadh imní orainn go léir go raibh ar an Ard-Rúnaí reatha, Alain Berset, aird an phobail a tharraingt le cúpla lá anuas ar na hiarratais ó naonúr ball ar a laghad chun na cosaintí atá ann chun imircigh a chosaint i dtéacs bunúsach Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a lagú.
Níor chuir an Ard-Rúnaí fiacail ann:
“Is é neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na Cúirte a choinneáil mar bhunchloch againn.”
Tá díospóireacht sláintiúil, ach níl sé sláintiúil an Chúirt a pholaitiú. I sochaí atá faoi rialú ag an riail reachta, níor cheart go mbeadh brú polaitiúil ar aon bhreithiúnacht. Ní féidir le hinstitiúidí a chosnaíonn cearta bunúsacha lúbadh do thimthriallta polaitiúla. Má dhéanann siad, tá an baol ann go gcreimfimid an chobhsaíocht chéanna ar tógadh iad chun a chinntiú. Ní féidir an Chúirt a úsáid mar arm — ní i gcoinne rialtais ná acu.”
Agus an ráiteas seo á chur san áireamh i gcomhthéacs chuairt an-luachmhar ó Sheanadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá Bernie Sanders, a tharraing aird an phobail ar impleachtaí riail na n-olagarchach, is mó fós práinn atá na hidirghníomhaíochtaí seo.
Táimid i dtréimhse ríthábhachtach don Aontas Eorpach. Caithfidh imní a bheith orainn siúd againn a chreideann i bhféidearthachtaí an Aontais Eorpaigh agus a bhunluachanna faoin gcaoi a bhfuil an dioscúrsa polaitiúil san Eoraip á dhéanamh leochaileach, cúng agus neamhleor.
Ar shráideanna na hEorpa, beidh an pobal ag iarraidh, agus go ceart go leor, go dtabharfaí tús áite do chearta agus do dhálaí maireachtála bunúsacha a gnóthaíodh go crua, agus do leathnú chearta an duine, seachas tost atá ina chomhcheilg ar ghníomhartha a chosnaíonn beatha, bás agus fulaingt gan phionós.
Is maith an rud é go bhfuil an Seanadóir Sanders ag labhairt le codanna móra den phobal, agus go háirithe le baill cheardchumann eagraithe, faoi na rudaí atá i mbaol d’oibrithe i ngach áit agus beidh an stair buíoch dó as sin.”