Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis Gorta a fhógairt i gCathair Gaza agus sna ceantair máguaird

Dáta: hAo 22nd Lún, 2025 | 16:06

Maidir leis an dearbhú oifigiúil go gcomhlíonann Cathair Gaza agus na ceantair máguaird na critéir maidir le Gorta faoin gcóras Comhtháite Aicmithe Céimeanna maidir le Sábháilteacht an tsoláthair bia, ar an drochuair, níorbh iontas ar bith é dúinne uilig a bhí ag tabhairt rabhaidh faoi seo le tamall anuas. 

Mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, 

"Níor tháinig an scéal seo aniar aduaidh orainn —tubaiste de dhéantús an duine atá ann, agus míchlú tarraingte ar an duine agus teipthe ar an gcine daonna féin." Ní bhaineann an gorta le bia amháin; is é atá ann ná na córais atá riachtanach chun go mairfidh an duine do bhriseadh d'aon ghnó. Tá daoine ag fáil bháis den ocras. Tá páistí ag fáil bháis. Agus tá ag teip orthu siúd a bhfuil an dualgas orthu gníomhú."

Tá ráitis eisithe ag an oiread sin ceannairí domhanda le dhá bhliain anuas, agus tagairt iontu uilig do réiteach dhá stát. Conas is féidir leo breathnú anois agus an coincheap féin millte os comhair a ndá shúil féin - i nGaza agus líon ollmhór daoine tar éis bháis agus sa Bhruach Thiar le tuilleadh forghabhála mídhleathaí? 

Mura dtagann athrú práinneach ar an scéal, is deacair a fheiceáil conas nach mbainfear de chreidiúnacht agus údarás morálta an phobail idirnáisiúnta.

 Stádas an dlí idirnáisiúnta féin, saoirse ó phionós do bhronnadh nuair a dhéantar bánú gan idirdhealú, agus míléiriú ar an gceart chun bia féin ag cumhacht forghabhála, tá na nithe seo go léir idir chamáin anois.

Ní fhanfaidh sé seo go dtí Meán Fómhair. Tá an t-am buailte linn anois chun gníomhú thar ceann an phobail idirnáisiúnta, lena n-áirítear gach ball den Aontas Eorpach.