Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Higgins i ndiaidh glao na Seanóirí ar ghníomh cinntitheach i nGaza

Dáta: Céa 13th Lún, 2025 | 17:05

“Beidh an domhan buíoch do na Seanóirí as na tuairimí luachmhara a rinne siad i ndiaidh cuairt a thug iar-Uachtarán na hÉireann agus iar-Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Mary Robinson, agus iar-Phríomh-Aire na Nua-Shéalainne, Helen Clark, ar an Éigipt agus ar an teorainn ag Rafah.

Is figiúirí údarásacha iad an tUachtarán Robinson agus Helen Clark maidir le gorta, ocras agus ról na Náisiún Aontaithe. Tarraingíonn a ráitis aird ar na 325,000 leanbh atá míchothaithe i nGaza agus atá i mbaol báis roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair. 

Tá an ceart ag an Uachtarán Robinson aird a tharraingt ar an gcóireáil speisialta atá riachtanach le haghaidh drochchothú, ag tarraingt ar a taithí sa tSomáil in 1992.

Tá an scaipeadh is leithne is féidir tuillte ag a ráitis."