Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn roimh Chluichí Oilimpeacha Pháras
Dáta: hAo 26th Iúi, 2024 | 15:47
“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom gach dea-ghuí a thabhairt do na hOilimpigh sin go léir a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann ár dtíre le linn Oilimpiad XXXIII atá ar siúl anois i bPáras.
Is é an comórtas ag na Cluichí Oilimpeacha buaicphointe gairme spóirt agus is ionann é agus ceithre bliana d'obair agus d'ullmhúchán tiomnaithe ag ár lúthchleasaithe.
Tá tábhacht ar leith ag baint le Cluichí Oilimpeacha na bliana seo d’Éirinn, mar is comóradh céad bliain é ar an gcéad uair a tháinig muid i láthair ag na Cluichí Oilimpeacha mar náisiún neamhspleách sa chathair chéanna. Bhí sé seo i gCluichí Oilimpeacha Pháras sa bhliain 1924. Tá a fhios agam go mbeidh gach duine sa tír go hiomlán taobh thiar de gach duine dár lúthchleasaithe agus iad ag iarraidh barr a gcumais a bhaint amach. Tá súil againn go gcuirfidh sé seo leis na 11 Bhonn Óir, 10 mBonn Airgid agus 14 Bhonn Cré-Umha a bhuaigh lúthchleasaithe a dhéanann ionadaíocht ar son na hÉireann ó 1924.
Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar gach duine acu, ar a gcóitseálaithe, ar an bhfoireann tacaíochta agus ar a dteaghlaigh agus a gcairde go léir as an gcoicís iontach a bheidh ann do spórt na hÉireann.
Tréaslaím libh uilig, beir bua!”