Ráiteas ón Uachtarán Connolly ar bhás do Paul Clancy
Dáta: Céa 24 Mei, 2026 | 19:06
Ba mhór an trua liom, mar Uachtarán na hÉireann, scéal báis Paul Clancy a chloisteáil.
Cuimhneofar ar Paul mar shár-imreoir CLG, a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na hÉireann faoi dhó agus Craobh Chonnacht cúig uaire le foireann na Gaillimhe.
Bhí ról lárnach aige le Club Mhaigh Cuilinn, ag imirt ar a son nuair a bhuaigh siad Craobh Idirmheánach na hÉireann i 2008, agus ag saothrú dóibh mar Chathaoirleach nuair a d’éirigh leo Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe a bhuachan den chéad uair i 2020.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a ghabháil le bean chéile Paul Johanna, lena chuid páistí Ellen agus Finn, lena mháthair Mary agus a mhuintir ar fad, a chuid cairde, lucht foirne agus lucht leanúna i Maígh Cuilinn, i nGaillimh, ar fud na tíre agus i gcéin.
