Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Catherine Connolly faoi bhás Michael Lyster

Dáta: Domh 22 Már, 2026 | 21:00

Is le briseadh croí a chuala daoine ar fud na hÉireann faoi bhás Michael Lyster.

Ba chuid mhór de shaol beagnach chuile dhuine sa tír ab é Michael óna shaothar mar chraoltóir cluichí peile Gaelaí agus dar ndóigh mar láithreoir iomráiteach The Sunday Game thar tréimhse 34 bliain.

Bhí a stíl láithreoireachta chroíúil mar chuid lárnach de go leor cluichí clúiteacha thar na blianta.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean chéile Michael, Anne, dá chuid páistí Mark, Jack, Rebecca agus Ellen agus dá chlann, a chairde agus a chomhghleacaithe uilig.