Ráiteas ón Uachtarán Connolly faoi bhás tubaisteach Glen Hansard
Dáta: Céa 29 Iúi, 2026 | 15:03
Ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, mo ghlór a chur leo siúd ar fad atá faoi scamall an bhróin faoi bhás tubaisteach Glen Hansard.
Beidh cuimhne ar Glen Hansard mar cheann de mhór-amhránaithe agus scríbhneoir amhrán na tíre seo. Ba cheannródaithe é Glen agus a bhanna The Frames a tháinig chun cinn sna 90dí agus a thug spreagadh do cheoltóirí agus do dhaoine óga.
Bhain Glen cáil agus aitheantas domhanda amach leis an saothar a chruthaigh sé féin agus Marketá Irglová, sa scannán Once, ach go háirithe, a bhuaigh siad Gradam Oscar don Amhrán nua-chumtha is fearr, agus ina dhiaidh sin dá shaothar aonair. Bhí clú bainte amach i bhfad roimhe sin aige ina ról mar Outspan Foster sa scannán The Commitments.
Bhí tarraingt ar na taispeántais bheo a chuirfeadh Glen os comhair a lucht éisteachta agus scéalta saoil fite fuaite leis an gceol aige.
Cuimhneofar ar fhlaithiúlacht Glen agus a cháil á úsáid aige chun cabhrú le ceoltóirí óga, agus chun tacú le cúiseanna tábhachtacha mar Ceol ar an tSráid um Nollaig ar son daoine gan dídean i mBÁC
Bhí tionchar ollmhór ag Glen i saol an cheoil in Éirinn agus ar a chumas daoine a bhailiú le chéile i gcomhluadar spreagúil an cheoil bheo.
Aireoidh gach duine a bhí aithne acu air uatha é.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile, Máire agus lena mhac óg Christy, lena chlann agus lena chairde ar fad anseo in Éirinn agus ar fud an domhain.
