Ráiteas ón Uachtarán Connolly maidir le bás Geraldine O’Grady
Dáta: Céa 12th Sam, 2025 | 22:06
“Mar Uachtarán na hÉireann, bhí fíorbhrón orm nuair a chuala mé faoi bhás an veidhleadóir clasaiceach clúiteach Geraldine O'Grady.
Bhí clú idirnáisiúnta ar Geraldine mar cheoltóir den scoth, a d’fhág bailiúchán saithar iontach ina diaidh.
Mar an chéad cheannaire baineann ar Cheolfhoireann Shiansach RTÉ, ba phearsa inspioráideach í Geraldine do go leor ceoltóirí, agus thug a cláir teilifíse agus raidió grá don cheol veidhlín do slua mór daoine.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do fhear céile Geraldine, Des Keogh, dá hiníon Oonagh, a raibh sí ag seinm léi, dá teaghlach iomlán, formhór dóibh atá tar éis ranníocaíochtaí ceoil den scoth a dhéanamh iad féin, agus dá cairde agus dá lucht leanúna in Éirinn agus ar fud an domhain.”
