Ráiteas ón Uachtarán Connolly ar bhás don Dr Rory O’Hanlon
Dáta: Céa 1 Aib, 2026 | 15:31
Ba mhaith liom mar Uachtarán na hÉireann cur leis na teachtaireachtaí comhbhróin faoi bhás Dr Rory O’Hanlon.
Chaith Rory a shaoil, mar pholaiteoir agus mar dhochtúir leighis, ag saothrú ar son leas an phobail. Chuir sé a chuid dualgas polaitiúil, mar TD, Aire, Aire Stáit, Leas-Cheann Comhairle agus Ceann Comhairle, i gcrích go cumasach. Is de bharr a chuid oibre, mar pholaiteoir agus mar dhochtúir, a chuimhnítear chomh hómosach agus chomh cineálta air.
Ba mhaith liom mo chombhrón ó chroí a ghabháil le bean chéile Rory Teresa, lena pháistí Fiona, Rory, Ardal, Neale, Shane agus Derbhla, lena mhuintir, a chuid cairde agus comhgheacaithe agus a chomhluadar ar fad i Muineachán.
