Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Connolly ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2026

Dáta: Domh 8 Már, 2026 | 11:16

Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, nach féidir neamhaird a dhéanamh ar na hiarmhairtí tubaisteacha a thagann as sárú a bheith déanta ar Chairt na NA.

“Is ábhar uafáis agus eaglach iad na sáraithe atá á ndéanamh ar an dlí idirnáisiúnta os ár gcomhair amach, ach ní féidir linn fanacht ciúin.

Ní easaontais pholaitiúla an méid atá feicthe againn sa Meán Oirthear agus níos faide i gcéin le laethanta beaga anuas.

Is ionsaithe d’aon ghnó iad ar an dlí idirnáisiúnta. Na dlíthe idirnáisiúnta atá mar bhunús na síochána domhanda le 80 bliain anuas.

Caithfidh muid ionsaithe a thabhairt ar an méid atá ag tarlú gan aon sofhriotal nó díchiallú.

Tá Éire, thar aon tír nó náisiún, ábalta seo a dhéanamh.

Seasann ár dtaifead síochánaíochta, nár briseadh ó 1958 i leith, agus na blianta de thiomantas don dí-armáil mar chuntas ar an tionchar as cuimse is féidir a bheith ag stát beag neodrach nuair a ghníomhaíonn sé le hionracas agus cuspóir.

Agus, cuireann ár dtaithí le cóilíneacht, gorta, agus réiteach síochánta choimhlint An Tuaiscirt; nár tharla go héasca;  dualgas orainn labhairt amach.

Ní féidir normalú a dhéanamh go deo ar uafás cogaidh, nó glacadh leis.

Tá Airteagal 29 de Bhunreacht na hÉireann soiléir:

1 Dearbhaíonn Éire gur mian léi síocháin agus comhar, de réir an chothrom idirnáisiúnta agus na moráltachta idirnáisiúnta, a bheith ar bun idir náisiúin an domhain.

2 Dearbhaíonn Éire fós gur mian léi go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta le headráin idirnáisiúnta nó le cinneadh breithiúnach.

3 Glacann Éire le bunrialacha gnáth-admhaithe an dlí idirnáisiúnta le bheith ina dtreoir d’Éirinn ina caidreamh le stáit eile.”

Bímis, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, ag machnamh ar na tiomantais shollúnta atá tugtha againn i mBunreacht ár Náisiúin agus chuile rud is féidir a dhéanamh chun tacú leis na Náisiúin Aontaithe agus leo siúd ar fad atá ag gníomhú chun síocháin a chothú ag tráth go bhfuil teanga á cur as a riocht agus cogadh á chosaint agus á normalú ag mórán.”