Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Connolly tar éis ionsaithe a bheith déanta ar an Iaráin

Dáta: Sath 28 Fea, 2026 | 17:50

Is mian liom, mar Uachtarán na hÉireann, seasamh leo siúd atá a mór-imní curtha in iúl acu faoina hionsaithe atá déanta inniu ag Iosrael agus Stáit Aontaithe Meiriceá ar an Iaráin inniu agus na frithionsaithe atá déanta ag an Iaráin sa réigiún.

Léirscrios agus marú a bhíonn mar thoradh ar aon  normalú a dhéantarar chogaí, ionradh ar stát ceannasach mar is mian san áireamh.

Faoi mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres déanann géarú an lae inniu dochar don tsíocháin agus slándáil idirnáisiúnta agus d'fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann do shaoránaigh agus cobhsaíocht an réigiúin.

Caithfear tabhairt faoi chuile iarracht aon ghéarú eile sa réigiún a sheachaint.

Glaoim ar chuile thaobh filleadh ar an taidhleoireacht agus ar an idirbheartaíocht de réir  phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus Cairt na NA.

Fáiltím roimh thacaíocht ó na hAmbasáidí agus na misin sa réigiún atá i mbun oibre chun cabhrú le saoránaigh Éireannacha ag am go bhfuil imní phráinneach faoina leas agus a sábháilteacht orthu siúd ag a bhfuil cairde agus clanna ina gcónaí sa réigiún.