Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas o Mhicheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann tar éis chruinniú leis an Uachtarán Quang

Dáta: Lua 7th Sam, 2016 | 09:53

" Is pribhléid é a bheith i mo cheannaire ar thoscaireacht le linn chéad Chuairte Stáit Uachtarán na hÉireann chuig Vítneam.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uachtarán Quang as an gcuireadh a thug sé teacht go Hanoi, agus as an bhfáilte chroíúil a chuir sé, a chuid airí agus a chuid oifigeach, romhaimse, roimh mo bhean Saidhbhín, roimh an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an tUasal Charles Flanagan, agus rompu siúd go léir a bhí inár gcuideachta.

Táim ag tnúth le bualadh le Cathaoirleach an Chomhthionóil Náisiúnta, an tUasal Ngan, níos deireanaí inniu, agus leis an bPríomh-Aire Xuan Phuc agus le Rúnaí-Ginearálta an Pháirtí Nguyen Phy Trong amárach.

Táim ag tnúth chomh maith leis an gcuairt ar cheantair tuaithe Quang Tri agus le heolas a chur ar oidhreacht agus ar chultúr saibhir Vítneam.  Tá súil agam tuilleadh cruinnithe a bheith agam agus cur le comhpháirtíocht na hÉireann le muintir acmhainneach agus cróga Vítneam. Tá súil agam go gcuirfidh mo chuairt leis an gcairdeas fíor atá ag fás a cheanglaíonn muintir na hÉireann agus Vítneam.

Ar maidin bhí deis agam féin agus ag an Uachtarán Quang an caidreamh láidir idir Éire agus Vítneam a phlé agus rinneamar machnamh ar an tiomantas domhain atá comhroinnte idir Éire agus Vítneam chun oibriú i gcomhar ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an gcomhoibriú iltaobhach, chomh maith leis na bearta a gcaithfimid tabhairt fúthu.

Phléamar an ceangal atá riachtanach idir athrú aeráide, an imirce, an bhochtaineacht dhomhanda agus an fhorbairt inbhuanaithe.  Phléamar, freisin, na bearta praiticiúla is féidir linn a ghlacadh chun ár ndualgais a chomhlíonadh, ag an leibhéal déthaobhach agus domhanda araon, chun aidhmeanna Chomhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Bhíomar ábalta plé a dhéanamh, bunaithe ar an dul chun cinn den scoth atá déanta ag muintir Vítneam agus an fhíorbhochtaineacht á maolú acu, ar an mbealach is fearr le dul i ngleic leis an mbochtaineacht atá fós ann agus nach bhfuil doréitithe, go háirithe i measc grúpaí mionlaigh, agus leis an gcaoi a bhféadfadh tionscadail Chúnamh Éireann cúnamh a thabhairt dá réir.

D'aontaíomar ar an tábhacht atá le dul i ngleic, ní hamháin le comharthaí sóirt na bochtaineachta, ach chomh maith leis sin an tábhacht lárnach a bhaineann le slite beatha agus acmhainní nádúrtha a chosaint chun imirce neamhthoiliúil trí dhíláithriú a chosc agus an gá le srian a chur leis an éagothroime, de gach cineál, ag an bhfoinse.

Phléigh an tUachtarán Quang agus mé féin, ag an gcruinniú, réimsí comhoibrithe ar mhaithe le cosaint oibrithe go hidirnáisiúnta san Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair. Mar chomhaltaí gníomhacha sa NA táimid beirt tiomanta d'oibriú gan stad i bhfóraim iltaobhacha chun freagairt dhóthanach a thabhairt do dhúshláin dhomhanda, amhail an bhochtaineacht, an t-athrú aeráide agus an t-ocras, agus táimid chomh tiomanta céanna d'áit níos sábháilte a dhéanamh den domhan trínár gcomhoibriú ar an dí-armáil.

Phléamar chomh maith ár mianta maidir le ballraíocht i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Bhí ár gcainteanna fíordhearfacha. Bhí siad leagtha amach chun na tionscnaimh a gcaithimid tabhairt fúthu le chéile sa todhchaí a phlé, agus rinneamar tuairimí a mhalartú maidir leis na deiseanna atá ann ár gceangail chultúrtha, oideachasúla agus eacnamaíochta a neartú.

Tá tuiscint mhaith ar a fhéiniúlacht ag Vítneam, ach an oiread le hÉirinn, agus tá meas aige ar a thraidisiúin bheoga chultúrtha - traidisiúin a sholáthraíonn bonn torthúil chun caidreamh idir ár dá thír a shaothrú, agus ar féidir leo sinn a threorú ar ár gconair sa todhchaí.

Rinneamar plé ar an bpobal beag gníomhach atá bunaithe i Vítneam, agus ar an bpáirt a bhíonn ag an bpobal mar ambasadóirí ar son na hÉireann agus mar chairde Vítneam sa bhaile. Tá páirt ghníomhach mar an gcéanna ag pobal Vítneam in Éirinn a chuireann go mór le saol na hÉireann agus is baill thábhachtacha, a mbíonn an-mheas againn orthu, de shochaí na hÉireann iad.

Phlé an tUachtarán Quang agus mé féin an fhíric go gcuirtí agus go gcuirtear fós béim láidir ar an oideachas sa dá thir.  Tá sé d'ádh orainn sa dá thir go bhfuil pobail óga agus bhríomhara againn, agus ní mór d'Eirinn agus do Vítneam comhoibriú a dhéanamh i réimse an oideachais.  Is cuid lárnach den chaidreamh atá ag fás eadrainn atá ann cheana, agus cothaíonn sé malartú smaointe agus comhroinnt eolais a théann chun tairbhe ár muintire araon.

Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil an líon mac léinn as Vítneam a thagann go hÉirinn ag méadú. Táimid ag súil le fáilte a chur roimh tuilleadh de bhur n-óige chuig ár nInstitiúidí Ard-Léinn a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu sna blianta amach romhainn. Déanfaidh na comhpháirtíochtaí sin, atá chun tairbhe an dá thír, na ceangail intleachtúla agus taighde fhadtéarmacha idir ár náisiúin, chomh maith leis an gcairdeas a thugann le chéile sinn, a neartú. 

Tá an tUachtarán Quang agus mé féin araon ag iarraidh ár gcaidreamh trádála a mhéadú, chun tairbhe mhuintir ár dhá thír.

Ar maidin, bhí áthas orm a bheith mar fhinné ag comhaontuithe idir cuideachtaí Vítneamacha agus Éireannacha i réimse an fhuinnimh inathnuaite, na teicneolaíochta soghluaiste, na mbogearraí agus na teicneolaíochta míochaine, chomh maith le roinnt comhaontuithe i réimse an oideachais.

Rinneamar plé ar na hathruithe sna cúinsí geilleagracha inár dhá thír le gairid agus ar an gcaoi a bhféadfadh Éire agus Vítneam comhoibriú le chéile i mbunú caidrimh, ar an gcéad dul síos leis an Aontas Eorpach agus chomh maith leis sin leis an 600 milliún duine i bpobal ASEAN.

Táim ag súil go mór, freisin, le tuilleadh a fhoghlaim faoi iarrachtaí Vítneam chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil dá mhuintir uile. Go deimhin, tá dúshláin go leor romhainn go léir, agus creidim go bhfuil a lán le foghlaim againn óna chéile, a lán le déanamh le chéile, agus go bhfuil sé tábhachtach go rachaimis chun cinn d'aon bhuille, i ndlúthpháirtíocht le chéile agus sinn ar an eolas faoi leochaileacht an phláinéid álainn atá á chomhroinnt againn. 

I mbliana, agus sinn in Éirinn ag comóradh 100 bliain ó tharla eachtraí suntasacha agus foréigneacha a chuir ar an gconair chuig neamhspleáchas náisiúnta agus féinrialachas sinn.”