Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cór leighis á fáil ag Saidhbhín Uí Uigínn d’ailse chíche

Dáta: Déa 9th Sam, 2023 | 16:01

Is féidir le hÁras an Uachtaráin a dheimhniú go raibh gnáthamh leighis ag Saidhbhín Uí Uigínn inné mar chuid de chór leighis leanúnach d’ailse chíche. 
 
I ráiteas, dúirt Saidhbhín Uí Uigínn:
 

“Is mian liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis na dochtúirí agus leis an bhfoireann leighis ar fad atá ag cur scoth an chúraim leighis orm. 
 
Ba mhaith liom an deis seo a thapú le hiarraidh ar mhná a bheith airdeallach ar shainchomharthaí na hailse cíche agus le tabhairt faoi choinní rialta. 
 
Seans go dtiocfadh sé aniar aduaidh ar dhaoine go n-ardaíonn baol na hailse cíche de réir a théann daoine in aois agus go bhfuil 36% de mhná a bhfuil ailse chíche orthu thar 70 bliain d’aois.

 

In ainneoin go bhfuil tástáil BreastCheck ann do mhná suas chomh fada le 69 mbliana d’aois, impím ar mhná ar fad atá thar aois 70 bliain d’aois leanúint leis an seiceáil do chomharthaí na hailse cíche ar bhonn rialta agus dul sa tóir ar thástálacha leighis nuair is féidir”.