Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Catherine Connolly - Lá Idirnáisiúnta Cuimhneachán an Uileloiscthe

Dáta: Mái 27th Ean, 2026 | 16:00

Seasaim, mar Uachtarán na hÉireann, i ndlúthpháirtíocht leo siúd ar fad atá comóradh á dhéanamh acu, inniu,  ar Lá Idirnáisiúnta Cuimhneachán an Uileloiscthe.

Is cuid den stair é an tUileloscadh a chuaigh, a théann agus a rachaidh i bhfeidhm go mór go deo ar an gcine daonna. Ainghníomh uafásach, nach féidir dearmad a dhéanamh air riamh, é an dúnmharú córasach a rinneadh ar sé mhilliún Giúdach - b’shin dhá thrian de dhaonra na nGiúdach san Eoraip ag an am - agus an dúnmharú agus an ghéarleanúint a rinneadh ar na milliúin eile; iad siúd a díríodh orthu de bharr a ngrúpa eitneach, a míchumas nó a ngnéaschlaonadh; faoi réimeas na Naitsithe.

Caithfidh muid cuimhne, agus 81ú cuimhneachán shaoradh Auschwitz-Birkenau á chomóradh againn,  ar chuile dhuine beo a cuireadh chun báis;  na fir, na mná agus na páistí a maraíodh gan aon chúis ach de bharr cérbh iad féin.

Tá sé thar a bheith tábhachtach, freisin, go ndéanfaidh muid comóradh ar mharthanóirí ón Uileloscadh; go háirithe iad siúd a rinne baile dóibh féin anseo in Éirinn, agus ar an bhfianaise phearsanta a thugadar thar na blianta ar a bhfulaingt féin agus fulaingt a muintire; agus ar an bpobal Giúdach ina iomláine a chur le forbairt agus fás ár dtíre.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh chuile ghlún ar an eolas, chomh maith agus is féidir, faoi na huafáis agus éagóirí a tharla le linn an Uileloiscthe.

Bíodh muid níos láidre ná riamh, ar Lá Idirnáisiúnta Cuimhneachán an Uileloiscthe, ag seasamh in aghaidh an fhrith-Sheimíteachachais, na seineafóibe, an chiníochais, na homafóibe, agus aon chineál éadulaingt eile agus daingean inár dtiomantas don dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna agus dínit daonna a chaomhnú do chách.