Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht físeáin chuig muintir Pheiriú

Dáta: Lua 5th Iúi, 2021 | 12:00

Teachtaireacht físeáin chuig muintir Pheiriú.


Tá teachtaireacht físeáin taifeadta ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcomhair mhuintir Pheiriú, chun baint amach neamhspleáchas na tíre 200 bliain ó shin a chomóradh.

Tá a theachtaireacht speisialta taifeadta ag an Uachtarán i Spáinnis agus i mBéarla araon.

Ina theachtaireacht, thug an tUachtarán a chéad turas chuig Peiriú chun cuimhne, tar éis dó a bheith ag breathnóireacht ar an reifreann a chur deireadh le héagóir dheachtóireacht Pinochet sa tSile. Ina dhiaidh sin thug sé cuairt in 2017 mar Uachtarán na hÉireann. In 2017 ba é a chuairt an chéad chuairt riamh dá leithéid ag Ceann Stáit na hÉireann. Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gurbh í "ceann de bhuaicphointí mo thréimhse mar Uachtarán." 

Labhair sé faoi Ruairí Mac Easmainn agus chomh corraithe is a bhí sé fáilte a chur roimh thoscaireacht de shliocht dúchasach Putumayo, na daoine sin a ndearna Mac Easmainn cur síos orthu.  

Dúirt an tUachtarán go raibh "Peiriú tar éis tionchar a bheith aige ar shaol an oiread sin daoine ar feadh a staire" agus go raibh ról tábhachtach idirnáisiúnta aige, mar gheall ar "críonnacht bhur dtaithí, agus cairdiúlacht, daonnacht agus cruthaitheacht chultúrtha bhur bpobail, gnéithe go léir a shaibhrigh ár saolta." 

Ina theachtaireacht físeáin, mhol an tUachtarán obair na misinéirí Éireannacha atá ag obair i bPeiriú, amhail na Colmánaigh, idir Aithreacha agus Siúracha, atá ag tacú le pobail na mbocht i bPeiriú ó 1951 i leith. 

Nótaí:

  • Tá achoimre de chuairt an Uachtaráin ar Pheiriú in 2017 ar fáil ag https://youtu.be/dqibT7ojxoA
  • Ina theachtaireacht físeáin, rinne an tUachtarán tagairt do Ruairí Mac Easmainn, a thaifead sárú ar chearta an duine i dtionscal an rubair i gceantar Putumayo. Tá aitheasc an Uachtaráin ar Mhac Easmainn in 2017 ar fáil ag https://youtu.be/WnGezyllANo 
  • In 2017, léirigh an tUachtarán a mheas ar obair na misinéirí Éireannacha i bPeiriú chomh maith. Tá físeán den ócáid sin ar fáil ag https://youtu.be/dqibT7ojxoA