Cúrsa Taistil an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn, Lá Fhéile Pádraig 2017
Dáta: Céa 15th Már, 2017 | 14:15
Beidh lá iomlán coinní poiblí ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín Lá ‘le Pádraig i mbliana.
- Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ag freastal ar aifreann i Leas-Ardeaglais Naomh Muire maidin Dé hAoine.
- Tar éis an aifrinn, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag Paráid Lá ‘le Pádraig ar Shráid Uí Chonaill.
- I ndiaidh na paráide, rachaidh an tUachtarán agus Saidhbhín chuig Páirc an Chrócaigh chun féachaint ar chluiche ceannais na hiománaíochta idir Baile Uí Aodha (Co. an Chláir) agus Cuala (Co. Bhaile Átha Cliath).
- Ag 5 p.m. cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú ar siúl in Áras an Uachtaráin chun aitheantas a thabhairt don ionchur speisialta ag saoránaigh a bhfuil barr feabhais bainte amach acu san eolaíocht, dá chur i bhfeidhm i saol na hÉireann agus do cháil idirnáisiúnta na hÉireann. Cuirfidh an Laptop Orchestra agus ceoltóirí traidisiúnta siamsaíocht ar siúl sa tráthnóna.
- Ina dhiaidh sin, beidh an tUachtarán i láthair ag cluiche rugbaí Shraith Sé Náisiún na mBan idir Éirinn agus Sasana i Staid Dhomhnach Broc.
Tá an tUachtarán tar éis teachtaireacht na Féile Pádraig a sheoladh chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus i gcéin trí ghréasán na nAmbasáidí agus na Misean thar lear. Beidh an teachtaireacht ar fáil ar www.president.ie