Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a dhea-ghuí chuig foirne sacair na hÉireann
Dáta: Sat 11th Mei, 2016 | 10:40
11 Meitheamh 2016
Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a dhea-ghuí chuig na foirne Éireannacha atá san iomaíocht i gcraobhchomórtas na hEorpa sa Fhrainc.
“Agus na foirne á réiteach féin le haghaidh a gcéad chluichí sa chomórtas Euro 2016, ba mhaith liom mo dhea-ghuí a chur chuig an lucht tacaíochta, na cóitseálaithe agus chuig imreoirí an 24 tír atá páirteach ann, agus ba mhaith liom, go háirithe, gach rath a ghuí ar fhoireann Phoblacht na hÉireann agus dár bhfoireann in aice láimhe ó Thuaisceart Éireann.
Tá cuid mhaith dínn ag súil le raidhse scileanna, tallainne agus paisin, chomh maith le ceiliúradh ar ealaín na peile ag an gcomórtas seo, an ‘Rendez-Vous’ sa Fhrainc.
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a rá go bhfuil bród orainn go léir go bhfuil foireann Martin O’Neill agus Roy Keane ag imirt ar ár son ar an stáitse idirnáisiúnta agus guím gach rath orthu sna seachtainí atá romhainn. Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh an fhoireann seo ag cur leis na cuimhní atá againn ó 1988 agus ó 2012, agus é de phribhléid acu a bheith san iomaíocht do chorn Henri Delaunay.
Maidir le lucht tacaíochta Thuaisceart Éireann, tá a fhios agam go dtabharfar ar ais dea-chuimhní ar fhoireann iontach na 1980idí sa chomórtas seo.
Baineann aoibhneas an tsacair ní hamháin le lúfaireacht agus le scileanna na n-imreoirí, ach chomh maith leis sin leis an acmhainn atá ann barr a gcumais a spreagadh i ndaoine, idir imreoirí agus lucht féachana, agus tá an-cháil ar an gcaoi a dtugann muintir na hÉireann tacaíocht dá bhfoireann thar lear.
Tá i bhfad níos mó i gceist le spórt ná an tsiamsaíocht. Tugann spórt le chéile muid agus cuidíonn sé le bearnaí cultúrtha, teanga agus eitneacha a dhruidim.
Ar ndóigh tá dhá fhoireann Éireannacha ag glacadh páirte i mbliana, agus é de lúcháir bhreise orainn go bhfuilimid ag tacú lena chéile.
Tá súil agam ó chroí gur ócáid a bheidh i rannpháirtíocht ár bhfoirne in Euro 2016 leis an gceangal comónta atá eadrainn ar an oileán seo agus idir na pobail Eorpacha a neartú.”