Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le Jason Smyth as bonn óir a bhuachan
Dáta: Aoi 9 Meá, 2016 | 16:03
Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chomhghairdeas a chur in iúl do Jason Smyth as a chúigiú bonn óir a bhuachan ag na Cluichí Parailimpeacha.
“Is iontach an t-éacht atá déanta ag Jason Smyth, fear a bhfuil a cháil mar lúthchleasaí den scoth tuillte cheana aige, agus bonn óir eile, a chúigiú ceann, a bhuachan. Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom an bua seo a thréaslú leis agus buíochas a ghlacadh leis as a bheith ina eiseamláir chomh dearfach sin."
