Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le taisteal chun na Seineagáile

Dáta: hAo 20th Ean, 2023 | 14:23

Taistealóidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn go Poblacht na Seineagáile an tseachtain seo chugainn le freastal ar Chruinniú Mullaigh Dakar 2, le heochairaitheasc a thabhairt ar chuireadh Uachtarán na Seineagáile agus Chathaoirleach reatha an Aontais Afracaigh, Macky Sall, agus Uachtarán Bhanc Forbartha na hAfraice, Dr Akinwumi Adesina. 
 
Osclófar an Cruinniú Mullaigh, a bhfuil an téama ‘Feed Africa: Food Sovereignty and Resilience’ aige, Dé Céadaoin 25ú Eanáir agus cuirfear deireadh leis Dé hAoine 27ú, agus cuireadh faighte ag an Uachtarán aitheasc a thabhairt ag na seisiúin tosaigh agus deiridh. Tiocfaidh 25 Cheann Stáit agus Rialtais, Airí Rialtais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais de chuid na hAfraice le chéile ag an gCruinniú Mullaigh, mar aon le heagraíochtaí iltaobhacha, ENR, geallsealbhóirí earnála príobháidí, scoláirí agus ealaíontóirí.  
 
Tugadh cuireadh don Uachtarán Ó hUigínn labhairt ag an gCruinniú Mullaigh mar aitheantas ar an tiomantas fada a léirigh sé i dtaobh cheist slándála bhia ar mhórchríoch na hAfraice, agus ar a ghealltanas agus scríbhneoireacht sheasta ar an ábhar. 

Bhí áthas faoi leith ar an Uachtarán glacadh leis an gcuireadh toisc go bhfuil béim á cur, tríd an gcruinniú seo, ar na céimeanna práinneacha agus struchtúrtha, atá de dhíth leis na polasaithe a chur in oiriúint le dul i ngleic leis na dúshláin reatha os comhair an domhain i bhfoirm neamhdhaingneacht bia, inbhuaineacht bia agus gorta, chomh maith le hiarmhairtí COVID-19 agus athraithe aeráide san áireamh. 

I mí Iúil seo caite, chuir an tUachtarán fáilte roimh an Dr Adesina ar chuairt chúirtéise go hÁras an Uachtaráin le plé cuimsitheach a dhéanamh ar cheisteanna ábhartha, agus sna míonna ó shin, choinnigh sé i dteagmháil leo siúd atá ag obair sa réimse, le haird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis na deacrachtaí leanúnacha a bhfuil timthriall an ghorta mar thoradh orthu. 
 
Tá aird tarraingthe ag an Uachtarán ar mhonaplacht sa táirgeadh agus sa dáileadh arís agus arís eile, ag imeachtaí cosúil le cruinniú bliantúil an Ghrúpa Arraiolos de 15 Uachtarán Eorpacha neamhfheidhmiúcháin, a aitheasc ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair, agus ina phíosa lá roimh Chruinniú mullaigh COP27 i mí na Samhna.
 
Tabharfaidh an tUachtarán dhá aitheasc ag an gCruinniú Mullaigh – aitheasc tosaigh dar teideal “To Make a New Journey of Sufficiency – From Our Origin, Africa” agus aitheasc deiridh, “Going Forward with Best Approaches”. 

Anuas ar na hóráidí seo, reáchtálfaidh an tUachtarán cruinnithe déthaobhacha ag an gCruinniú Mullaigh le Ceanna Stáit éagsúla, mar aon le cruinniú le hUachtarán an Aontais Afracaigh agus le hUachtarán an Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta.

Freastalóidh sé freisin ar imeachtaí arna óstáil ag Ceanna Stáit faoi leith, maidir le seachadadh bia agus talmhaíochta a fhorbairt dá dtíortha.  

Sula dtéann sé chuig an gCruinniú Mullaigh, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Palais Présidentiel do chruinniú déthabhaoch leis an Uachtarán Sall, agus taistealóidh sé freisin go hOileán Gorée, nuair a thabharfar turas treoraithe do ar ‘La Maison des Esclaves’.
 
Bhí Oileán Gorée, an chéad Láithreán Oidhreachta Domhanda EOECNA san Afraic, mar ionad trádála sclábhaithe tábhachtach ar chósta na hAfraice idir an 15ú agus an 19ú haois. 

Is iarsmalann agus ionad cuimhneacháin é ‘La Maison des Escalves’ agus ‘Door of No Return’ d’íospartaigh thrádáil thrasatlantach sclábhaithe. Tá cuairt tugtha ag an Uachtarán Nelson Mandela, Pápa Eoin Pól II agus Uachtarán Barack Obama ar an ionad seo cheana.