Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Beidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i láthair ag Aifreann Insealbhaithe a Naofachta, an Pápa Leon XIV

Dáta: Dom 18th Bea, 2025 | 00:01

Tá Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín tar éis taisteal go dtí an Róimh chun freastal ar maidin ar Insealbhú a Naofachta an Phápa Leon XIV.

Beidh Aifreann an Insealbhaithe lena gcuirtear tús oifigiúil le Phontaifeacht an Phápa Leon, ar siúl i gCearnóg San Peadar ag 10am am na Róimhe.

Tá coinne leis go mbeidh deis ag an Uachtarán agus Sabina beannú don Phápa Leo i ndiaidh an Aifrinn.

I ráiteas uaidh nuair a fógraí odh gur toghadh an Pápa Leon, dúirt an tUachtarán:

"Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhghairdeas ó chroí a chur in iúl don Phápa Leo XIV as a bheith tofa mar chomharba ar an Phápa Proinsias.

Is tráth thar a bheith suntasach é seo dóibh siúd go léir a bhfuil creideamh agus dea-thoil acu ar fud an domhain agus a bhaitheann ar an bPápacht le haghaidh treorach i gcúrsaí, spioradálta, soiléireacht morálta, agus ceannaireachta domhanda ag an tráth seo a bhaist a réamhtheachtaí, an Pápa Proinsias, aois ina bhfuil gá le gairm na taidhleoireachta air.

Glacann an Pápa Leo XIV an ról tábhachtach seo tráth ina bhfuil dúshláin mhóra roimh an domhan. 

Guím gach rath ar an bPápa Leo agus é ag tosú a Phontificaid, agus cuirim fáilte roimh a ráiteas go bhfuil sé ullamh chun ceannaireacht a dhéanamh le comhbhá, eagna, agus le tiomantas buan do luachanna na síochána, an cheartais agus dínit an duine. Sa mhéid a dúirt sé go dtí seo, thug sé tús áite don ghá atá le meon agus cleachtadh na síochána a thógáil.

Tá nasc fada buan agus fréamhaithe ag Éirinn leis an Suí Naofa. Tá sé bunaithe ar luachanna comhroinnte idirspleáchais, agus an fhreagracht a ghabhann leis sin. Táimid in Éirinn ag tnúth go mór leis an gcaidreamh sin leis an bPápa Leo a chothabháil agus a dhoimhniú, agus muid ag leanúint orainn ag roinnt agus ag obair le chéile ar an tionscadal chun idirphlé agus tuiscint a chothú idir pobail agus náisiúin.

Tá súil agam ó chroí, faoi cheannaireacht an Phápa Leo, go leanfaidh an Suí Naofa de ról lárnach a imirt i gcur chun cinn dlúthpháirtíochta domhanda, ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna práinneacha na bochtaineachta, an éagothroime, an choinbhleachta agus an athraithe aeráide — dúshláin a sháraíonn teorainneacha agus a éilíonn gníomhaíocht chomhchoiteann ón bpobal idirnáisiúnta.

Thar ceann mhuintir na hÉireann, guím gach rath agus neart ar an bPápa Leon le linn a Phontaifeachta.”

Tráthnóna inniu, tabharfaidh an tUachtarán agus Sabina cuairt ar Choláiste Naomh Íosadór sa Róimh, áit a mbuailfidh siad le baill de Phobal Reiligiúnach na hÉireann. Tá Pobal na bProinsiasach ag ceiliúradh 400 bliain an Choláiste i mbliana, Coláiste a bhunaigh an Proinsiasach Éireannach Luke Wadding sa bhliain 1625.