Tugann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tacaíocht láidir do thionscnamh an Uachtaráin Lula, an Uachtaráin Boric agus an Phríom
Dáta: Déa 25th Meá, 2025 | 16:07
“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhór an onóir dom cuireadh a fháil ó Uachtarán na Sile, Gabriel Boric Font, Uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio Lula da Silva, agus Uachtarán Rialtas na Spáinne, Pedro Sánchez Pérez-Castejón, páirt a ghlacadh in aitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an tseachtain seo, dar teideal “In Defence of Democracy: Fighting Against Extremism”.
Is oth liom go mór nach raibh mé in ann freastal ar an imeacht, ach ba mhaith liom an deis a thapú a rá go gcreidim go bhfuil an t-imeacht seo, agus an tionscnamh Democracia Siempre i gcoitinne, thar a bheith luachmhar – gluaiseacht a bhfuil fórsa morálta cumhachtach aici inar tugadh dúshlán an daonlathais sa réigiún.
Is tionscnamh é a chuireann i gcuimhne dúinn conas is tionscadal é an daonlathas nach mór oibriú air gach lá, i ngach áit, agus a dhoimhniú.
Tá gá le gníomhaíochtaí misniúla praiticiúla chun an daonlathas a chosaint. Sna cúinsí reatha, ní mór dúinn go léir oibriú le chéile chun ár dtacaíocht a thabhairt do bhearta a chuireann i gcoinne cúlú daonlathach trí rialtais a dhéanamh níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos freagrúla do shaoránaigh.
Ní mór ár bhfreagairt chomhchoiteann ar na gníomhaíochtaí frithdhaonlathacha atá ag teacht chun cinn agus a fheicimid in go leor áiteanna ar domhan a bheith nithiúil, soiléir agus práinneach.
Ní mór dár bhfreagairt institiúidí daonlathacha a neartú, an bhréagaisnéis agus an mhífhaisnéis a chomhrac, teicneolaíochtaí suaiteacha atá ag teacht chun cinn a rialáil, agus na neamhionannais mhóra a fheicimid anois in go leor áiteanna ar fud ár bpláinéid leochaileacha a laghdú.
Rachadh freagairt den sórt sin ar bhealach éigin chun an ghéarchéim dhaonlathach a mhaolú, muinín a athbhunú i measc na saoránach, muinín a chailltear mar sin i ndiaidh déine agus an t-ardú agus an t-ardú atá ag teacht ar an neamhchuntasacht faoi láthair, arb é an bhagairt is suntasaí ar an daonlathas é fiú sa domhan ‘forbartha’ mar a thugtar air.
I measc mo thaithí saoil i gcur chun cinn an daonlathais tá blianta fada spéise agus taistil, go háirithe go Meiriceá Theas, i róil oifigiúla agus neamhoifigiúla araon. Thug mé faoi deara tíortha ag bogadh ó dheachtóireachtaí míleata i dtreo cuimsiú agus rannpháirtíocht níos daonlathaí, de réir mar a roghnaigh daoine cosán bunaithe ar urraim do chuibheas, daonlathas, cearta an duine, agus na féidearthachtaí amach anseo a chruthaigh sé.
Tá cosaint agus forbairt an daonlathais tábhachtach dá mhuintir féin, agus tá tionchar aige freisin lasmuigh dá theorainneacha. Is ceachtanna iad seo nach mór a mhúineadh go forleathan don domhan.
Mar Uachtarán na hÉireann, tacaím go mór i gcónaí le tionscnamh Democracia Siempre, agus molaim do Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe tacú leis agus é a thabhairt abhaile dá muintir agus do na réigiúin.”
