Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Bronnann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn onóir an tSaoi Aosdána ar Paul Muldoon

Dáta: Déa 6th Fea, 2025 | 12:30

Ar maidin, bhronn Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, onóir an tSaoi Aosdána ar an bhfile Paul Muldoon

Ag an searmanas, bhronn an tUachtarán siombail oifig an tSaoi, an Torc óir, ar Paul Muldoon.

Ag labhairt ag an searmanas, dúirt an tUachtarán:

“Le filíocht, is féidir linn sásamh a lorg thar an méid a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i ndomhan ina bhfuil tosaíocht ag caidreamh agus brí ar neasacht nó ar theorainneacha an tomhaltais, an charntha agus na hiarrachta ar chumhacht agus brabús. Is trí ghlacadh lenár riocht leochaileach ábhair amháin a bheimid ag súil le rud éigin níos airde a bhaint amach – trí chruthú ealaíonta, naisc dhaonna, dlúthpháirtíocht, teacht le chéile, grá, áilleacht inár saol a lorg i bhfianaise ár mbeatha mar a thug mé ‘imircigh ama’ orthu.

Cuireann filíocht Paul Muldoon ar ár gcumas turas fuascailte den sórt sin a dhéanamh. Is stíl é a chuid filíochta a bhfuil cáil air mar gheall ar a cháilíochtaí éagsúla. Tá sé aitheanta ag roinnt léitheoirí go n-úsáideann sé paradacsa, agus tá dánta Paul spraíúil ach dairíre, doláimhsithe ach díreach, nuálach ach traidisiúnta. 

Ag machnamh ar shaolré de shárshaothar cruthaitheach, atá fós ar siúl, is cúis áthais dom comhghairdeas a dhéanamh le Paul Muldoon as a bheith roghnaithe ag a chomhghleacaithe i saol na n-ealaíon agus an chultúir don onóir seo agus, mar Uachtarán na hÉireann, buíochas a ghabháil leis as gach a bhfuil tugtha aige, agus as gach a bhfuil tugtha aige dúinn agus do shaol litríocht na hÉireann.

Traoslaím leis agus guím rath agus beannacht ar a chuid oibre agus ar a shaol.”

Is é onóir an Saoi ná idirdhealú uathúil agus leanúnach sna healaíona. Is féidir le comhaltaí Aosdána onóir an tSaoi a fháil, ar onóir í nach mbronntar ach ar ealaíontóirí a measann a gcomhbhaill go bhfuil fiúntas agus gradam suntasach ag baint lena saothar. Ní ceadmhach do níos mó ná seachtar comhaltaí d’Aosdána an onóir seo a bheith acu ag aon am amháin agus coinnítear ar feadh an tsaoil é. Toghann comhchomhaltaí Aosdána Saoi.

Fágann toghchán Paul Muldoon go bhfuil 22 Saoithe tofa thar 44 bliana d’Aosdána. Is é Paul Muldoon an tríú Saoi déag i ndisciplín na litríochta agus téann sé le cuideachta George Morrison, a toghadh i 2016; Roger Doyle, a toghadh i 2019 agus le déanaí Eiléan Ní Chuilleanáin, a toghadh i 2022.

Is file agus ollamh filíochta é Paul Muldoon, chomh maith le heagarthóir, léirmheastóir, drámadóir, liriceoir agus aistritheoir. Rugadh Muldoon in 1951 i bPort an Dúin, Co. Ard Mhacha agus tá dhá chnuasach déag filíochta scríofa aige, ina measc One Thousand Things Worth Knowing (2015), Maggot (2010), Horse Latitudes (2006), Moy Sand and Gravel (2002), Hay (1998), The Annals of Chile (1994), Madoc: A Mystery (1990), Meeting the British (1987), Quoof (1983), Why Brownlee Left (1980), Mules (1977) agus New Weather (1973). 

Tá roinnt bailiúchán níos lú foilsithe aige freisin, amhail saothair chriticiúla, ceoldráma libretti, leabhair do leanaí, liricí amhrán, agus drámaí raidió agus teilifíse. Tá a cuid filíochta aistrithe go fiche teanga.