Comórann an tUachtarán buamáil na hÓmaí 20 bliain ó shin trí Chlog na Síochána in Áras an Uachtaráin a bhualadh
Dáta: Céa 15th Lún, 2018 | 15:42
I searmanas dlúthpháirtíochta, bhuail an tUachtarán Ó hUigínn Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin inniu, mar chomhartha tábhachtach na síochána agus an athmhuintearais.
Bhuail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn an clog ag 3.10 p.m., agus iad ag comóradh an ama bheacht ar tharla an pléasc 20 bliain ó shin agus a mharaigh 29 duine agus a ghortaigh na céadta eile.
Reáchtáladh an searmanas in Áras an Uachtaráin le cead ó mhuintir na n-íospartach, agus eagraíodh imeacht den chineál céanna san Ómaigh inniu.
Tháinig an searmanas i ndiaidh an ráitis a d’eisigh an tUachtarán inné, inar tugadh aitheantas do na híospartaigh agus inar tharraing sé aird ar an tábhacht a bhaineann le cultúr na síochána agus na caoinfhulaingthe a fhorbairt ar an oileán seo.