Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Tae beag faoi scáth an Uachtaráin Uí Uigínn ag Áras an Uachtaráin

Dáta: Mái 30th Bea, 2023 | 14:30

  • I measc na n-aíonna bhí stiúrthóir ‘Mise Éire’, George Morrison, agus cónaitheoir is sine na hÉireann, Máirín Hughes atá 109 mbliana d’aois
  • In éineacht leis sin bhí Hugh O’Hare, ar maraíodh a bhean chéile Margaret ar Dhomhnach na Fola, 21 Iúil 1972, chomh maith le gaolta Barney O’Dowd, ar maraíodh a dheartháir is sine agus a bheirt mhac ar 4 Eanáir 1976

 
Bhí tae beag faoi scáth an Uachtaráin Mhíchíl D. Uí Uigínn ar siúl inniu in Áras an Uachtaráin. Eagraíodh an ócáid le ról suntasach grúpa daoine inár gcomhphobail éagsúla a cheiliúradh, mar aon leis na hiarrachtaí atá ann todhchaí gheal, inroinnte, atá fréamhaithe sa saoránacht neamhleithleach.
 
I measc na n-aíonna a bhí i láthair ag an ócáid bhí stiúrthóir na scannán ceannródaíoch ‘Mise Éire’ agus ‘Saoirse?’, George Morrison, a ndearna a chomhghleacaithe Aosdána Saoi de in 2017, mar aitheantas ar an ionchur nuálach a rinne sé ar phobal na scannánaíochta in Éirinn. Shlánaigh an tUasal Morrison 100 bliain d’aois mí na Samhna seo caite.
 
I láthair ag an imeacht freisin, bhí Máirín Hughes, an cónaitheoir is sine in Éirinn, a raibh 109 mbliana slánaithe aici ar an 22 Bealtaine agus a bhfuil roinnt agallamh inspioráideacha déanta aici le cúpla seachtain anuas.
 
I measc na n-aíonna eile bhí dhá theaghlach a d’fhulaing bás sa teaghlach le linn na dTrioblóidí. Chaill Hugh O’Hare, a bhí i láthair inniu, a bhean chéile Margaret O’Hare ar ‘Aoine na Fola’ 21 Iúil 1972, nuair a maraíodh í, in éineacht le naonúr eile, nuair a phléasc an IRA 19 buama trasna Bhéal Feirste i dtréimhse 80 nóiméad.
 
Bhí triúr ghasúr Barney O’Dowd ag freastal ar an ócáid freisin, fear a maraíodh agus a gortaíodh go dona ag fórsaí dílseacha tar éis ionsaíag a theach feirme i mBaile Uí Dhúgáin, Co an Dúin, ar 4 Eanáir 1976.  
 
 Maraíodh deartháir is sine Barney, Joe agus a bheirt mhac Barrt agus Declan, san ionsaí. Cé nach raibh Barney, a chas 100 bliain d’aois ar an 3 Bealtaine, in ann freastal inniu bhí a mhic Noel agus Loughlin O’Dowd, chomh maith lena iníon Eleanor O’Sullivan i láthair ar a shon.
 
Bhí taibhiú ón amhránaí clúiteach Simon Morgan, a bhfuil duaiseanna buaite aige, le linn an imeachta seo.