Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Scríobhann an tUachtarán Ó hUigínn chuig Uachtaráin Eorpacha eile le haird a tharraingt ar an ngá le fáil uilíoch, chothrom a bh

Dáta: Lua 3rd Ean, 2022 | 11:30

Scríobh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn chuig a chomhUachtaráin eile sa Ghrúpa Arraiolos de 15 Uachtaráin Eorpacha Neamhfheidhmiúcháin ag tarraingt airde ar a imní maidir le rochtain dhomhanda agus chothrom ar vacsaíní COVID-19 fud fad na cruinne a chinntiú. 

Ina litir, a foilsíodh ar an 24 Nollaig, dúirt an tUachtarán:

“Cé go bhfuil lear mór dúshlán os ár gcomhair amach san Eoraip, is í mo thuiscint í gur chóir dúinn teacht le chéile, ár bpribhléid a aithint agus bealach úrnua a aimsiú le freagra domhanda, cothrom agus inbhuanaithe a thabhairt ar phaindéim COVID-19. Is ceist mhorálta den chéad scoth í seo, sílim, a bhaineann linn ar fad mar Eorpaigh agus mar shaoránaigh an domhain araon, ag am a bhfuilimid ag plé thodhchaí na hEorpa i gcoitinne. Ar an ábhar seo, creidim gur chóir don Eoraip, ní hamháin go praiticiúil ach mar fhreagracht mhorálta, freagra a thabhairt ar Stór Teicneolaíochta COVID-19 (C-TAP) a sheol an WHO anuraidh, go tiomanta agus go díograiseach le dul i ngleic le constaic ar bith.” 

Tagann litir an Uachtaráin Uí Uigínn tar éis chruinniú an Ghrúpa Arraiolos a reáchtáladh sa Róimh i mí Mheán Fómhair seo caite, áit ar aithin 15 Uachtarán go raibh rochtain chothrom, dhomhanda ar vacsaíní mar chuid lárnach den troid i gcoinne na paindéime. Aithnítear go forleathan dá mhéad ama a ghlacann sé tairseach domhanda vacsaínithe a bhaint amach, is mó saolta a chaillfear agus is mó damáiste a dhéantar do shochaithe agus do gheilleagar ar fud na cruinne. 

Ina litir, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar rátaí ísle vacsaínithe i ndeisceart an domhain, san Afraic go háirithe agus luaigh sé an tacaíocht láidir do tharscaoileadh TRIPS i measc an phobail agus a hionadaithe, sochaí sibhialta idirnáisiúnta agus ráitis tacaíochta a foilsíodh le déanaí ó Pharlaimint na hEorpa agus go leor ceannairí domhanda. 

Dúirt an tUachtarán freisin:

“Le táirgeacht dhomhanda a uasmhéadú, ní mór dúinn rochtain ar theicneolaíocht na vacsaíne a roinnt, mar aon leis an saineolas agus an mhaoin intleachtúil. Tá córas i bhfeidhm leis an gcomhroinnt seo a chumasú. Sheol an WHO Stór Rochtana Teicneolaíochta COVID-19 (C-TAP) in Aibreán 2020 le feidhmiú mar fhoinse amháin do bhailiúchán sonraí, saineolais, ábhar bitheolaíochta agus maoin intleachtúil, anuas ar tháirgeacht ceadúnais agus teicneolaíochta a aistriú go táirgeoirí féideartha eile. É sin ráite, tuigim go hiomlán nach leor amháin an tacaíocht atá ann do tharscaoileadh TRIPS agus an córas leis an rochtain ar theicneolaíocht na vacsaíne a roinnt, mar aon leis an saineolas agus an mhaoin intleachtúil a sheol an WHO. Beidh gá ann straitéis chuimsitheach a chur leis seo a chuireann an acmhainn agus an inniúlacht táirgthe san áireamh, anuas ar chainéil chuí dáileacháin a fhorbairt.”

D’aithin an tUachtarán tionchar tharscaoileadh dá leithéid ar phaindéim VEID i dtíortha i mbéal forbartha cosúil leis an Afraic agus an India agus an iliomad daoine a sábháladh dá bharr. Mhol an tUachtarán dá chomhUachtaráin gur deis a bhí i dtarscaoileadh sealadach ar dhualgais TRIPS don Eoraip le bheith ar thús cadhnaíochta agus a stádas agus cáil dhomhanda a neartú.

Buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn leis an Dr Mike Ryan, stiúrthóir feidhmiúcháin Chlár Éigeandála Sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte Dé Céadaoin ag Áras an Uachtaráin. Ag an gcruinniú sin, pléifidh siad an tábhacht a bhaineann le fáil chothrom ar vacsaíní agus bronnfaidh an tUachtarán Gradam um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin ar an Dr Ryan, Gradam a thugann aitheantas d’ionchur bhaill an diaspóra Éireannaigh.