Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fáilte curtha ag an Uachtarán Ó hUiginn roimh Fhoireann Pharailimpeach na hÉireann chuig Áras an Uachtaráin

Dáta: Déa 14th Sam, 2024 | 14:35

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn agus a bhean chéile Sabina fáilte roimh Fhoireann Pharailimpeach na hÉireann tráthnóna inniu

Thug an tUachtarán cuireadh don fhoireann a tharraing clú ar Éirinn mar gheall ar a gcuid gaiscí ag Cluichí Parailimpeacha Pháras 2024 chuig an Áras chun aitheantas oifigiúil a thabhairt don éacht a rinne an fhoireann i bPáras i rith an tsamhraidh.

Ar na daoine a bhí i láthair inniu bhí Orla Comerford a bhuaigh bonn cré-umha i rás ráibe 100m na mBan, Katie-George Dunlevy a bhuaigh boinn óir i dtriail ama aonair na mBan agus boinn airgid i rás bóthair na mBan agus i rás tóraíochta na mBan agus Linda Kelly a bhí mar phíolóta aici, agus Róisín Ní Riain, a bhuaigh bonn cré-umha sa snámh brollaigh 100m.

Bhí an snámhóir Ellen Keane, a tháinig sa cheathrú háit sa snámh brollaigh 100m i láthair freisin. Bhuaigh Ellen bonn óir roimhe seo i gcluichí Tóiceo 2020 agus bonn cré-umha in Rio de Janeiro in 2016.

San iomlán, bhí breis agus 70 ball den fhoireann agus den fhoireann tacaíochta a chuaigh go Páras le haghaidh na gCluichí i láthair ag an imeacht mar chuid den toscaireacht a bhí faoi cheannas Eimear Breathnach, uachtarán Chumann Parailimpeach na hÉireann.

Bhí na cluichí ar siúl idir 28 Lúnasa agus 8 Meán Fómhair sna cluichí i bPáras agus lúthchleasaithe Éireannacha san iomaíocht i 55 imeacht san iomlán mar a bhain siad amach sé sáriarracht phearsanta, cúig churiarracht náisiúnta, curiarracht Eorpach amháin agus sé bhonn lena n-áirítear bonn óir amháin, trí bhonn airgid agus dhá bhonn chré-umha.

Ag labhairt dó ag an bhfáiltiú d'Fhoireann na hÉireann dúirt an tUachtarán Higgins:

“Is ábhar bróid dúinn uilig na sé bhonn a bhuaigh ár lúthchleasaithe Parailimpeacha ag na Cluichí Parailimpeacha i mbliana agus is éachtach an méid a baineadh amach. Tógáil croí a bhí i ngach duine de na buaiteoirí bonn is curaidh do gach duine a bhí ag breathnú orthu ar fud an oileáin seo againne agus níos faide i gcéin agus ba chúis mórtais agus misnigh iad. Go deimhin tá muintir na hÉireann i ngach cearn den domhan thar a bheith bródúil as gach duine a bhain an oiread sin amach toisc gur cháiligh siad agus gur chruthaigh siad chomh maith sin.

Toradh na dianoibre agus na diantraenála a rinne na lúthchleasaithe le ceithre bliana anuas, nó go fiú ar feadh a saoil, atá sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha agus ba mhaith liom mo mheas agus mo bhuíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhí san iomaíocht agus a rinne a míle dícheall san oiread sin cineál spóirt. Tá obair fathaigh déanta acu ar gach slí.

Is léiriú na cluichí Parailimpeacha ar an gcaoi gur féidir, ach samhlaíocht agus na hacmhainní is gá a bheith ann, uilechuimsitheacht a chothú ar fud na sochaí trí iarrachtaí comhbheartaithe chun rannpháirtíocht chuimsitheach ag gach saoránach a chur chun cinn beag beann ar a gcuid cúinsí. Agus mé ag breathnú ar na cluichí, eiseamláir spreagúil dom a bhí sna lúthchleasaithe agus iad ag díriú ar na nithe ar féidir iad a bhaint amach, le misneach agus dúthracht is diongbháilteacht.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Eimear Breathnach, uachtarán Chumann Parailimpeach na hÉireann: 

“Táimid iontach bródúil an onóir seo a bheith bronnta ar an bhfoireann ag an Uachtarán Ó hUiginn agus a bhean. Tá a fhios againn gur choinnigh siad súil ghéar ar éachtaí na foirne i rith an tSamhraidh. Is mór do bhaill Fhoireann na hÉireann gur tugadh cuireadh dóibh chuig an áras clúiteach seo le go dtabharfaidh an tUachtarán aitheantas dóibh. B mhaith liom buíochas a ghabháil, thar ceann na foirne leis an Uachtarán agus lena bhean as fáilte ghnaíúil a chur romhainn.”