Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le Cuairt Stáit a thabhairt ar an Astráil agus an Nua Shéalann

Dáta: Déa 21st Meá, 2017 | 12:02

Dhearbhaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu, tar éis comhairle a fháil ón Rialtas, gur ghlac sé leis an gcuireadh ó rialtas na hAstráile agus ó rialtas na Nua-Shéalainne Cuairt Stáit a thabhairt ar an dá thír i mí Dheireadh Fómhair 2017.  

An Astráil 

Díreoidh an Chuairt Stáit ar an Astráil ar an gceangal déthaobhach fadbhunaithe  idir Éire agus an Astráil a dhoimhniú agus a mhéadú, agus béim á cur ar ghnéithe de stair chomhroinnte an dá thír agus beidh sé dírithe ar cheangail eacnamaíochta, turasóireachta, chultúrtha agus pholaitiúla idir an dá náisiún a neartú.  

Buailfidh an tUachtarán le pobail Éireannacha in Perth, Melbourne, Hobart, Canberra, Sydney agus Brisbane, agus beidh cruinnithe aige le mórphearsana i saol an ghnó, na turasóireachta, an spóirt, an chultúir agus na n-ealaíon chomh maith leis an saol acadúil. 

Buailfidh an tUachtarán le Gobharnóir Ginearálta agus Príomh-Aire na hAstráile agus beidh cruinnithe aige le húdaráis náisiúnta agus stáit.  

Is deis a bheidh i gcuairt an Uachtaráin le cion suntasach an phobail Éireannaigh-Astrálaigh do shochaí ilchultúrtha na hAstráile a cheiliúradh.  
Bhí tionchar nach beag ag muintir na hÉireann ar stair pholaitiúil, shóisialta agus chultúrtha na hAstráile agus i ndaonáireamh 2016, léirigh 2.5 milliún Astrálach, nó 11% den phobal gur de bhunadh Éireannach iad. Tá níos mó ná 80,000 duine a rugadh in Éirinn ina gcónaí san Astráil. 

An Nua-Shéalainn 

Leanfaidh an tUachtarán lena thuras agus Cuairt Stáit á tabhairt aige chuig an Nua-Shéalainn, de thoradh ar chuireadh ó rialtas na Nua-Shéalainne.  

Is é aidhm leis an gCuairt Stáit chuig tír a bhfuil cuid mhaith dá leas i gcoiteann aici le hÉirinn na ceangail eacnamaíochta, turasóireachta, chultúrtha agus pholaitiúla idir an dá náisiún a neartú, chomh maith le dul i dteagmháil le baill an diaspóra Éireannaigh atá ina gcónaí sa Nua-Shéalainn.  

Meastar 13,000 saoránach Éireannach a bheith ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, agus gur de bhunadh Éireannach tuairim is 600,000 duine sa Nua-Shéalainn. Bhí cultúr luachanna agus tionchar na hÉireann le brath ar feadh stair nua-aoiseach na Nua-Shéalainne.  

Buailfidh an tUachtarán le seanóirí Maoracha chomh maith le hionadaithe gnó, lucht acadúil, ealaíontóirí agus eagraíochtaí spóirt agus tá sé socraithe go mbeidh cruinnithe aige leis an nGobharnóir Ginearálta, leis an bPríomh-Aire agus le ceannairí polaitiúla in Wellington, Christchurch agus Auckland. 

Beidh sonraí breise maidir le clár imeachtaí an Uachtaráin le linn an dá Chuairt Stáit ar fáil ó Áras an Uachtaráin in am agus i dtráth.