An tUachtarán Ó hUigínn le bláthfhleasc a leagadh i gcuimhne ar phearsanra na nGardaí a cailleadh sa tseirbhís
Dáta: Sat 16th Meá, 2023 | 09:46
Tráthnóna inniu, leagfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, thar ceann mhuintir na hÉireann, bláthfhleasc i ndilchuimhne ar na Gardaí agus ar na baill foirne ar fad a cailleadh sa tseirbhís le 101 bliain anuas.
Beidh an tSeirbhís Chomórtha ar siúl ag 3:30pm os comhair Leacht Chuimhneacháin na nGardaí ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce. Tá ainmneacha 1800 ball d’fhoireann na nGardaí a cailleadh sa tseirbhís le léamh ar an leacht athchóirithe.
I láthair ag an ócáid beidh: an tAire Dlí, Helen McEntee TD, an tAire Stáit James Browne TD, agus Coimisinéir na nGardaí Drew Harris. Beidh muintir agus comhghleacaithe na nGardaí a cailleadh ó bunaíodh An Garda Síochána ag freastal ar an ócáid chuimhneacháin freisin.
Tá cóip iomlán d’aitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn ag an ócáid le fáil anseo thíos.
Beidh beoshruth den ócáid le fáil ar chainéal mean sóisialta An Garda Síochána.