Uachtarán na hÉireann le cruinniú Chomhairle an Stáit a thionól maidir leis an mBille Cosanta (Leasú) 2024
Dáta: Aoi 12 Iúi, 2024 | 18:48
Inniu, rinne Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, cruinniú de chuid na Comhairle Stáit a ghairm, le reáchtáil in Áras an Uachtaráin Dé Luain 15 Iúil 2024, le bunreachtúlacht an Bhille Chosanta (Leasú) 2024 a mheas.
Deirtear in Airteagal 26.1.1 den Bhunreacht:
'Is cead don Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, aon Bhille lena mbaineann an tAirteagal seo a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí féachaint an bhfuil an Bille sin nó aon fhoráil nó aon fhorálacha áirithe de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de.'
Is í an cheist a chuirfidh an tUachtarán faoi bhráid Chomhairle an Stáit ná:
Braitheann cinneadh an Uachtaráin maidir leis an mBille Cosanta (Leasú) 2024 a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach ar fhorálacha ar leith de chuid an Bhille a thagann salach ar an mBunreacht, nó ar fhorála ar bith dá chuid.
