Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le freastal ar chruinniú d'Uachtaráin na hEorpa sa Phortaingéil.

Dáta: hAo 6th Dei, 2023 | 09:54

Déanfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, freastal inniu ar chruinniú bliantúil 'Ghrúpa Arraiolos' d'Uachtaráin neamhfheidhmiúcháin na hEorpa. Beidh 14 Cheann Stáit ó gach cearn den mhórchríoch ag freastal ar chruinniú na bliana seo i gcathair Porto na Portaingéile, agus is é Uachtarán na Portaingéile, Marcelo Rebelo de Sousa a bheidh ina óstach.
 
Beidh cruinniú an lae inniu ar siúl thar dhá sheisiún iomlánacha, ar maidin agus san iarnóin, mar a ndéanfaidh na Ceanna Stáit plé ar roinnt ceisteanna tábhachtacha ar chlár oibre na hEorpa agus an domhain, agus beidh féasta oifigiúil arna óstáil ina dhiaidh sin ag an Uachtarán de Sousa.  Roimh chruinniú an lae inniu, bhí cruinnithe déthaobhacha ag an Uachtarán Ó hUigínn leis an Uachtarán de Sousa, le hUachtarán Mhálta, George Vella agus le hUachtarán na hEastóine, Alar Karis.
 
Ina ionchur i gcomhair chruinniú an lae inniu, táthar ag súil go dtarraingeoidh an tUachtarán Ó hUigínn aird ar ráitis a rinne Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, le gairid - lena n-áirítear Comhthionól na NA an mhí seo caite a rinne tagairt do theip chuid de na náisiúin is cumhachtaí a ngealltanais maidir le hathrú aeráide.
 
Ag cruinniú mullaigh BRICS mí Lúnasa seo caite chuaigh an tArd-Rúnaí Guterres níos faide leis an scéala chun béim a leagan ar an ngá práinneach dul i mbun gnímh i dtaca leis an athrú aeráide. Labhair sé faoin bpráinn a bhaineann le cinntiú go bhfuil sé ar chumas ollstruchtúr ár n-institiúidí iltaobhacha tabhairt faoi dhúshláin mhóra chónasctha ár linne, amhail slándáil an tsoláthair bia, an imirce, an bhochtaineacht dhomhanda agus tógáil síochána inmharthana.
 
Tar éis dó freastal ar chruinniú Ghrúpa Arraiolos, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn a aghaidh ar an Róimh níos deireanaí an mhí seo, áit a labhróidh sé ar théama shlándáil an tsoláthair bia le linn roinnt aitheasc d'Fhóram Domhanda an Bhia.
 
Le linn dó a bheith sa Róimh, déanfaidh an tUachtarán freastal ar roinnt cruinnithe déthaobhacha chomh maith, lena n-áirítear cruinniú leis an bPápa Proinsias, a bhfuil fáilte curtha ag an Uachtarán roimh a imlitir Laudate Deum, le hUachtarán na hIodáile Sergio Mattarella agus le ceanna na dtrí n-eagraíocht bia atá lonnaithe sa Róimh - Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT), an Dr. QU Dongyu, Uachtarán an Chiste Idirnáisiúnta d'Fhorbairt na Talmhaíochta (IFAD), Alvaro Lario, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Domhanda an Bhia (WFP) Cindy McCain.