Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Tugann an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc ag Oscailt an Fhóraim Bhia Dhomhanda sa Róimh

Dáta: Lua 16th Dei, 2023 | 09:30

Tráthnóna inniu, tabharfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn aitheasc ag Oscailt Oifigiúil an Fhóraim Bhia Dhomhanda i gceannáras Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, (FAO) sa Róimh. Sula labhraíonn sé ag an Oscailt áfach, tabharfaidh an tUachtarán óráid ar chomóradh 43 bliana Lá Domhanda an Bhia ar an láthair chéanna. 
 
Is leis na himeachtaí seo a chuirfear tús le clár seachtaine ócáidí an Uachtaráin sa Róimh, cothrom an ama leis an bhFóram Bia Domhanda (WFF). Tabharfaidh an tUachtarán an eochairaitheasc ag Dúnadh an WFF tráthnóna Dé hAoine.
 
Amárach, Dé Máirt, buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le hUachtarán na hIodáile, Sergio Mattarella, ag an bPálás Cuirínéil. Déardaoin, beidh Cruinniú Príobháideach ag an Uachtarán leis an bPápa Proinsias, chomh maith le cruinniú déthaobhach leis an gCairdinéal Parolin, Rúnaí Stáit na Vatacáine. 

I gcaitheamh na seachtaine, beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Uachtarán Ó hUigínn le ceannairí na dtrí eagraíocht slándála bia de chuid na Náisiún Aontaithe atá lonnaithe sa Róimh –Stiúrthóir Feidhmiúcháin World Food Programme (WFP) Cindy McCain, Uachtarán International Fund for Agricultural Development (IFAD) Alvaro Lario, agus Ard-Stiúrthóir an FAO an Dr QU Dongyu.
 
Ina chuid imeachtaí ar fad sa Róimh, tógfaidh an tUachtarán Ó hUigínn ar an méid a dúirt sé nuair a tugadh cuireadh dó labhairt ag an dara cruinniú mullaigh Dakar ar an mbiafhlaitheas agus an acmhainneacht. Leagfaidh an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis na dúshláin slándála bia atá romhainn, agus leis an ngá níos mó a dhéanamh ná gníomhaíochtaí éigeandála amháin a dhéanamh in am an ghátair. 

Molfaidh an tUachtarán má tá córais bhia éifeachtacha le cur ar fáil, gur chóir go n-aithneofar an nasc idir neamhchinnteacht bia, bochtaineacht dhomhanda, imirce, fiacha agus athrú aeráide. 
 
Fad agus a bheidh sé sa Róimh, beidh an tUachtarán rannpháirteach in go leor imeachtaí cultúrtha chomh maith. Ina measc, beidh cruinnithe aige le muintir na hÉireann, agus cuirfidh sé bláthfhleasc in onóir Mhoinsíneoir Hugh O’Flaherty, agus freastalóidh sé ar an taispeántas ‘Ireland and the birth of Europe’ i gColáiste Pontaifiúil na nGael.