Cuireann an tUachtarán a lámh le An Bille um Chúirteanna,an Dlí Sibhialta,an Dlí Coiriúil&Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha)
Dáta: Mái 23rd Iúi, 2024 | 16:51
Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar An Bille um Chúirteanna, an Dlí Sibhialta, an Dlí Coiriúil agus Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024, tá an tUachtarán tar éis a lámh a chur leis agus dá réir sin tá sé ina dhlí.
Nuair a bhíonn machnamh á dhéanamh ar phíosa reachtaíochta ar bith, ní mór don Uachtarán a bheith airdeallach ar Airteagal 34.3 Bhunreacht na hÉireann, a deir nach féidir le Cúirt ar bith bailíocht na reachtaíochta a cheistiú tar éis don Uachtarán an reachtaíocht a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach. Caithfear chomh maith a bheith coinsiasach go ndéantar cinneadh ar bhonn fíriciúil, ní ar bhonn teibí amháin. Le cinneadh an Uachtaráin an bille a shíniú inniu, ní chuirtear bac ar aon duine aonair, agus iad ag iarraidh forálacha an Bhille a cheistiú amach anseo.